Curfá
O gairim gairim í,
Agus gairim í, mo stór;
Míle grá le m’anam í
‘Sí Peigín Leitir Móir!
Éirigh suas, a Pheigín
Agus seas ar bharr an aird
Comhar do chuid bullán
Agus féach an bhfuil siad ann.
Curfá
Tá Bríd agam ‘s tá Cáit agam
‘Sí Peig an bhean is fearr;
Pé’r bith fear a gheobhas í,
Nach air a bhéas an t-ádh.
Curfá
Chuir mé scéala siar chuici
Go gceannóin di bád mór;
‘Sé’n scéala ‘chuir sí anair chugham
go ndéanfadh leathbhád seoil.
Curfá
Tá iascairí na Gaillimhe
Ag teacht anior le cóir
Le solas gealaí gile
Nó go bhfeicidís an tseoid.
Curfá deiridh
‘S ó, gairim, gairim í
‘Gus gairim í mo stór
Míle grá le m’anam í
Is gearr go mbeidh sí mór!
Breate – Self Regulation and Relaxation Techniques for Children _PDST
barnardos-northern-ireland-primary-school-booklet-gaeilge
https://machnamh.ie/smaointe-beaga