A Thuismitheoirí, a chairde,
Tá áthas orm a chur in iúl daoibh go bhfuil dátaí sealadacha againn do na Sacraimintí, 19 Meán Fómhair don Chóineartú agus 26 Meán Fómhair don Chomaoineach. Táim cinnte go dtuigeann sibh na deacrachtaí a bhaineann le ócáidí mhóra a phleánáil faoi láthair agus dá bharr, caithfidh mé béim a leagadh ar na dátaí agus go bhfuil siad sealadach agus ag braith ar Rialachán an Rialtais i Meán Fómhair.
Mar is eol daoibh caithfimid na huimhreacha a choinneáil chomh íseal agus is féidir, seans an-mhaith ann nach mbeidh ach na páistí agus beirt duine fásta ceadaithe.
Satharn, 19 Meán Fómhair ag 12 a chlog – Sacraimint an Chóineartaithe
Satharn, 26 Meán Fómhair ag 12 a chlog – An Chéad Chomaoineach Naofa
Leanaigí oraibh ag ullmhú na páistí sa bhaile do na Sacraimintí agus beimid i dteagmháil i ndiaidh na laethanta saoire maidir leis na socruithe don Chéad Aithrí agus Searmanas an tSolais.
Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Athair Ó Murchú agus leis an Athair John Mc Donald, PP, don chúnamh agus don tacaíocht i mbliana ach go háirithe. Molaim daoibh breathnú ar an leathanach Facebook ‘St Brigid’s Church, The Curragh’.
We have a temporary date in place for the sacraments, 19th September for Confirmation and 26th September for First Communion. I am sure that you will understand that at the moment it is difficult organising a big event and therefore must impress upon you that the dates are temporary and dependent on Government regulations in September.
As you know we must keep the numbers low as possible, possibly allowing only two adults per child.
Saturday, September 19 at 12.00 – Sacrament of Confirmation
Saturday, September 26 at 12.00 – First Holy Communion
Continue to prepare your child for sacrament at home, their teachers provided them with the prayers, and we will be in touch after the holidays with further information on First Confession and the Ceremony of Light.
I would like to thank Father Ó Murchú & Father John Mc Donald, PP for their support and guidance this year especially. I would like to mention the beautiful Facebook page ‘St Brigid’s Church, The Curragh’.
Go raibh maith agaibh, bain taitneamh as na laethanta saoire agus táimid ag súil go mór leis na sacraimintí a chéiliúradh san Fhómhar.
Thank you, enjoy the holidays and we are looking forward to celebrating the Sacraments in the Autumn.
Le gach dea-ghuí,
Niamh Uí Chadhla
Príomhoide