Nollaig faoi shéan is faoi mhaise daoibh go léir!

Posted on

A Chairde,

Beannachtaí na Nolag agus Athbhliain faoi shéan ‘is faoi mhaise daoibh go léir ón bhfoireann ar fad i nGaelscoil Chill Dara!.

Buíochas ó chroí le gach duine a tháinig ar cuairt againn i mbliana agus a thug tacaíocht dúinn!

Ar scáth a chéile a mhairimid.

 

Ba mhaith liom Beannachtaí an Nollag a ghuí oraibh ar fad. Nollaig Shona agus Athbhliain Faoi Mhaise Daoibh go léir….go bhfeicimid a chéile i 2020.

Príomhoide Niamh




Tionól 06.12.2019

Posted on

An chéad seachtain den Aidbhint – Dóchas

An dhara seachtain den Aidbhint-  Siocháin

 

Cuirmid an dhara coinneal corcra ar lasadh ar an gcoróin an Aidbhinte,is é brí an choinneal seo ná Siochain. Is é Íosa an Siochain ar fud an domhain mhóir. Ta fhios again tosnaíonn Siochain ar dus san ar croí fein. Smaoinimid faoi na Tír gan siochan, na ndaoine gan siochan agus na gclann gan síochán.

 

Inniu freisin is giniúint Mhuire gan Smáíl agus deirimid freisin, ‘ Is ionann ‘bheith i láthair’ agus teacht mar atá muid agus a bheith oscailte don duine eile. Ag an nóiméad seo, agus muid ag teacht anseo, tá Dia i láthair ag fanacht linn. Bíonn Dia ann romham i gcónaí, ag iarraidh teagmháil linn,
fiú níos mó ná an cara is dlúithe atá again. Tógaimid nóiméad chun fáiltiú roimh ar Dhia grámhar.

 

Na Paidreacha:

 

  • Guimid ar son na ndaltaí sa scoil seo, go mbeidh a gcroíthe oscailte do Dhia,i rith an tséasúir an Aidbhint seo. A Thiarna éist linn.

 

  • Guimid ar son na ndaoine gan síocháin in a saol féin.A Thiarna éist linn .

 

  • Guimid ar son aon Tir gan síocháin idir i féin agus a comharsana. A Thiarna éist linn

 

Ár n-Athair atá ar neamh,
Go naofar d’ainm,
Go dtaga do ríocht,
Go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh.
Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu,
agus maith dúinn ár bhfiacha
mar a mhaithimidne dár bhféichiúna féin
Ach ná lig sinn i gcathú,ach saor sinn ó olc, Amen
 

 

 

 

Seo é an nóiméad

1.

Muire ‘gus Iósaef ag taisteal thart, a lorg lóis-tin i ngach áit

ach bhí gach ui-le i mBeithil lan, Shrocraigh siad i stábla ‘gus

tháin-ig Íosa ar an saol. Seo é an nóiméad, Tá an feitheamh thart.

Curfá

Tá na réaltaí ins an spéir, ag rá go bhfuil sé

ann, Iadag insint dúinn go léir, seo é anois an

t-am, É ag luí leaba fhéir, an leannbh álainn

2.

Glórtha aingeal ins an aer a scaip an scéal don saol go léir,

“Tagaigí ag féachaint, tá Íosa ann”.

Caspar, Melchíor, is Balthasaar, thainig siad ansin go mear,

“Seo é an nóiméad, tá an feitheamh thart”.

 

 

 

 


Tionól 29.11.2019 Aidbhin 2019 – Cineáltas

Posted on
  1. Naomh Bríd-Chun Bríde NaofaA Bhríd, a Mhuire na nGael,A Bhríd, scaoil tharam do bhrat,

    agus coinnigh faoi do chumhdach mé

    go mbeidh mé leat i bhFlaitheas Dé.

     

     

     

  2. An tSéasúir den Aidbhint –  Dóchas:

     

    1 Nollaig 2019 (A) Céad Domhnach den Aidbhint

    In ainm an Athair,agus an mhic……

     

    Ceiliúirimid tus an Bhliain Liotúirgeach don Eaglais, agus tosnaíonn muid le séasúr na hAdbhint. I rith na hAdbhint smaoinimid faoi lá na Nollaig agus ullmhaimid ár gcroíthe chun failté a chur roimh do Íosa.

    Smaoinimid faoi ár bpeacaí freisin agus cuirimid céist ar Dhia, tabhairt Trocaire a dhéanamh orainn.

    Fán nóiméad……

    .

    Cuirmid an chéad coinneal corcra ar lasadh ar an gcoróin an Aidbhinte,is é brí an choinneal seo ná Dóchas. Is é Íosa an Dóchas ar fud an domhain mhóir.

    Na Paidreacha

     

    • Guímid ar son na ndaoine atá gortaithe ag an Eaglais Chaitliceach Rómhánach A Thiarna éist linn.

     

    • Guímid ar son íospartach ar fud an domhain agus cuirimid céist ar Dhia,dóchas a thabhairt dóibh i rith an séasúr na hAdbhint. A Thiarna éist linn.

     

    • Guímid ar son na ndaoine, bocht, ocrach agus tinn ar fud an domhain. A Thiarna éist linn.

     

    • Guímid ar son na ndaltaí sa scoil seo go mbeidh a gcroíthe oscailte do Dhia, i rith an tséasúir Aidbhinte seo. A Thiarna éist linn.

     

     

    Ár n-Athair atá ar neamh,
    Go naofar d’ainm,
    Go dtaga do ríocht,
    Go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh.
    Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu,
    agus maith dúinn ár bhfiacha
    mar a mhaithimidne dár bhféichiúna féin
    Ach ná lig sinn i gcathú,ach saor sinn ó olc, Amen

     

     

    Aireachas – 

    Tabhair Aire duit féin

    SAA: Sos, aird, análaigh

    Seiceáil Aireach

     

  3. Amhráin don Aonach
    1. Bualadh Bos 3.12.2018

      2.

      Rudolf an Fia Rua 10.12.2018

      3.

      Tá Daidí na Nollag ag teacht go luath! 10.12.2018

Gaeilgeoirí na Seachtaine – Comhghairdeachas libh!

Múinteoir na Seachtaine -Rúnaí Sorcha! Treise Leat!

Deá-scéal na Seachtaine: Leabharlann le Rang Chlíodhna, Snámh, Aclaíocht, comórtais.

Mí na Samhna; Comórtais ealaíne agus léitheoireacht. SAOL

 

Nuacht ón gCór:

4.12 agus 12.12

 

Nuacht ón gCoiste Glas:

Sábháilteacht ar na bóithre agus tithí do na gráinneoga. Athchúrsáil an Nollaig seo!

 

Nuacht ó Chomhairle na nDaltaí:

Cultacha Scoile; Carrchlós; Leithris – péinteáil; Club Leabharlainne; Imeachtaí Iarscoile 2020.

Buíochas le Comhairle na dTuismitheoirí a réitigh an scoil don Nollaig.

 

Suirbhé

 

Cineáltas don Aidbhint

 

1.12 – Mol do dhaoine eile a bheith cineálta i Mí na Nollag.

2.12 – Tacaigh le eagraíochtaí carthanachta – MSIreland – Osipdéal na bPáistí i Sráid Teampaill –

3.12 – Abair rudaí coneálta le daoine inniu

4.12 – Éist go cruinn le daoine eile inniu

5.12 – Fág teachtaireacht dearfach, cineálta do dhuine éigean inniu – Litreacha buíochais!

6.12 – Bí airdeallach faoin mbealach a labhraíonn tú leat féin – má tá tú crosta leat féin -STOP agus bí cineálta! Labhair leat féin mar a labhrófá le do chara is fearr – go cineálta!

 

Clár na Seachtaine

3.12 Aonach

4.12 Aonach agus Aonach um thráthnona – Cuairteoir speisialta

5.12 Gnáth lá scoile!

6.12 Snámh R3 Aclaíocht ranganna 4-6, Buachaillí R6 ag dul go comórtas sacair le Múinteoir Cáit agus Múinteoir amháin eile.