Go Raibh Milliún Maith Agaibh 27.06.2014

Posted on

A Pháistí agus a Thuismitheoirí,

Go raibh míle, míle maith agaibh don bhliain iontach a bhí againn le chéile. Ní bheadh bliain leath chomh deas a bheith agam i m’aonar i Rang Niamh!!! I ndáiríre bhí bliain den scoth agam agus táim fíor bhuíoch díbh go léir. Míle buíochas freisin do na cártaí, na bronntanais agus na focail chineálta a scríbh sibh sna cártaí agus sna litreacha. Ní dhéanfaidh mé dearmad orthu go deo.

Bíodh Samhradh iontach agaibh agus coimeád súil ar an mblag, beidh rudaí nua ann go rialta, seol grianghraif chugam, ó bhur laethanta saoire má tá fonn oraibh don bhlag! Rang Niamh ag dul timpeall an domhain agus ná déan dearmad ar an gcrannchur Corn an Domhan, rachaidh mé go dtí an Odeon amárach!

Slán go fóíll Rang a Ceathair Niamh.

r-phost: gscdrangniamh@gmail.com





Cluiche Ceannais na Sraithe

Posted on

Céadaoin 18ú Meitheamh d’imir Foireann Evan i gcoinne fhoireann Charlie sa chluiche ceannais. Bhí an aimsir go haoibhinn, an ghrian ag taitneamh agus na páistí ar bís. D’imigh Rang Eibhlín, Rang Mháire, Rang Niamh agus Rang Róisín in éineacht le Múinteoir Seán go dtí an pháirc peile. D’imir a dá fhoireann go hiontach ach bhuaigh Foireann Evan 2-1. Comhghairdeachas libh go léir!

Na buaiteoirí – Foireann Evan!

WP_20140618_016
WP_20140618_020WP_20140618_012WP_20140618_011 (1)WP_20140618_010WP_20140618_017WP_20140618_013



Na hAmhráin is fearr linn i Rang 4

Posted on
Ainm an Amhráin An tAmhrán is fearr le….
1. Abair leat Alannah
2.Tír na nOg  
3.Amhrán na gCupán  
4.I gCruthaíocht Dé  
5.Beidh Aonach Amarách  
6.Séamuisín  
7.Bualadh Bos  
8.Rudolf an Fhia Rua  
9.A Chara Dhíl  
10.Oíche Chiún  
11.Cailín na Gaillimhe  
12.Peigín Leitir Mór  
13.Súil i Solas Dé Páraic
14.A Thiarna Chugat Mé  
15.Pompeii Síofra; Seán; Shannon; Romy; Nathan; Máiréad; Daithí; Megan; Ciarán; Josh; Donnchadh; Caoimhe; Michael; Jack; Niall; Karen; Caelán; Gracie; Eoin; Charlie.
16.Scaoil Saor é

 

Georgia;