Tá brón orainn a fhógairt go bhfuair iar-shéiplíneach na scoile An tAthair MacGréil bás ag an deireadh seachtaine. Thaitin sé go mór leis na páistí a bhí faoina chúram i nGSCD
Suaimhneas Síoraí dó.
We are sorry to inform you that our former chaplain An tAthair Mac Gréil has passed away, we remember him fondly in Gaelscoil Chill Dara He had a great rapport with the children. May he rest in peace.
A shaighdiúirín a chroí will you marry marry me?” Le haigh nó le hó nó le bualadh’n drum “A chailín bhig mo chroí, conas a phósfainnse thú, Is gan fiú na mbróga ‘gam a chuirfinn orm?” Ach chuaidh me chuig an gréasaí ab’fhearr a bhí ann Agus cheannaigh mise bróga do mo shaighdiúirín ann “A shaighdiúirín a chroí will you marry marry me?” Le haigh nó le hó nó le bualadh’n drum “A shaighdiúirín a chroí will you marry marry me?” Le haigh nó le hó nó le bualadh’n drum “A chailín bhig mo chroí, conas a phósfainnse thú, Is gan fiú an cóta ‘gam a chuirfinn orm?” Ach chuaidh mé chuig an táilliúir ab’fhearr a bhí ann Agus cheannaigh mise cóta do mo shaighdiúirín ann “A shaighdiúirín a chroí will you marry marry me?” Le haigh nó le hó nó le bualadh’n drum “A shaighdiúirín a chroí will you marry marry me?” Le haigh nó le hó nó le bualadh’n drum “A chailín bhig mo chroí, conas a phósfainnse thú, Is gan fiú an hata ‘gam a chuirfinn orm?” Ach chuaidh me chuig an siopa ab’fhearr a bhí ann Agus cheannaigh mise hata do mo shaighdiúirín ann “A shaighdiúirín a chroí will you marry marry me?” Le haigh nó le hó nó le bualadh’n drum “A chailín bhig mo chroí, conas a phósfainnse thú, ‘Gus bean agus clann ar an dtaobh eile’n sruth?”
Lúireach Phádraig
Críost liom
Críost romham
Críost i mo dhiaidh
Críost istigh ionam
Críost fúm
Críost os mo chionn
Críost ar mo lámh dheas
Críost ar mo lámh chlé
Críost i mo luí dom
Críost i mo sheasamh dom
Críost i gcroí gach duine atá
ag cuimhneamh orm
Críost i mbéal gach duine
a labhráionn liom
Críost i ngach súil a fhéacann orm
Críost i ngach cluas a éisteann liom
Ar an chéad lá d’Earrach, is é sin an chéad lá d’Fheabhra, atá Lá Fhéile Bríde.
Ar na scéalta a insítear ar charthanacht Bhríde tá ráite gur bhronn sí an t-acra ab ansa lena hathair, a chlaíomh, ar fhear bocht déirce. Chuaigh a hathair le báiní ach ní ba mhoille anonn bhí sé bródúil aisti agus thosaigh sé a theacht i dtuiscint ar an charthanacht Chríostaí.
Ba í Bríd a thóg an chéad chlochar in Éirinn taobh le crann mór millteanach darach agus tá an t-ainm “Cill Darach” nó Cill Dara ar an áit go dtí an lá atá inniu ann.
Agus í ag iarraidh Páis Chríost a mhíniú do pháganach i bhí i mbéal báis, d’fhigh sí cros d’fheaganna luachra a bhí scaipte faoin urlár aige. Tá a hainm ceangailte le Cros Bhríde ón lá sin anuas. Déantar ar fud na hÉireann go fóill iad, agus fágtar faoi fhrathacha na dtithe iad Lá Fhéile Bríde, 1 Feabhra, an lá a fuair sí bás faoin bhliain 524 A.D., agus deirtear gur chosaint don teach í an chros ar olc agus ar ghátar.
Tugann na daoine `Muire na nGael’ ar Naomh Bríd.
Seo ceann de na scéalta eile faoi Bhríd: Lá amháin tháinig scaifte de dhaoine bochta chuig Bríd agus ocras mór orthu, ach ní raibh bia ar bith aici. Bhí fear ag teacht agus mála mór aige, agus d’iarr Bríd arán air, ach lig seisean air nach raibh arán ar bith sa mhála ach clocha. Bhí fearg mhór ar Bhríd, agus rinne sí clocha den arán. Tháinig náire ar an fhear ansin. Bhí brón air agus d’iarr sé maithiúnas ar Bhríd. Mhaith sise dó é, agus rinne sí arán de na clocha arís, agus thug an fear do na bochta é.
Lá Fhéile Bríde déanann daoine – crosóga Bhríde’ de luachair ina honóir. Bíonn daoine ag imeacht le ‘Brídeog’ ó theach go teach – babóg atá inti atá déanta de phíosa éadaigh . Bíonn daoine ag caitheamh éadaí tuí – caipín agus veist tuí agus crios tuí. Bíonn siad ag rá amhrán agus iad ag iarraidh airgid nó milseán. Seo cúpla rann a deir siad:
Seo í Naomh Bríd is í gléasta go breá; Tabhair di rud éigin in onóir don lá.
Crios Bríde mo chrios, Crios na dtrí gcros, Éirigh suas, a bhean an tí, Agus téirigh tríd an chrios,
Go mba sheacht fearr a bheas sé bliain ó anocht!
Seanfhocal: `Leath tine agus leath bia Lá Fhéile Bríde.’ Bíonn leath na móna dóite agat, agus leath an bhia ite.
Ansin tháinig an tAthair An tAthair Micheál Mac Gréil agus léigh sé Aifreann álainn dúinn um Lá Fhéile Bríde a cheiliúradh agus Gaelscoil Chill Dara fiche bliain ag fás. Is mór an onóir dúinn fáilte a chur roimh dhuine cosúil leis an Athair Mac Gréil atá clú agus cáil air mar dhuine a mhaireann mar a mhol Íosa dúinn, tabhair aire don domhan agus gach ní atá inti. Labhair an tAthair Mac Gréil leis na páistí faoin tábhacht a bhaineann le aire a thabhairt do dhaoine eile, is cuma cé hiad, carbh as dóibh, cé mhéad airgead atá acu, d’iarr sé ar na páistí a bheith cineálta leis an domhan agus leo féin, a bheith cineálta le gach duine a bhuaileann siad leo toisc gurb é sin an rud is luachmhar le déanamh. Labhair sé le na páistí faoin tábhacht a bhaineann le grá agus grá Dé atá le feiceáil thart timpeall orainn, i ndaoine, sa nadúr agus sa bhíóbla gach lá. D’iarr sé ar na páistí aistí a sheoladh chuige faoi Naomh Bríd agus an creideamh láidir a bhí aici agus mar a thaispeáin sí é sin dúinn anseo i gCill Dara.
Bhí lá álainn againn. Beannachtaí na Féile oraibh go léir.