A Chairde, Seo a leanas obair an lae an 28 & 29 de mhí Eanáir ach amháin má iarrann an Múinteoir Ranga ort rud éigean eile a dhéanamh. Le do thoil úsáid na cóipleabhair nua atá ar bhord Liam Ó hA don obair ar fad thar an dá lá.
28.01.2016
9-9.50 Mata le Múinteoir Máiréad – Obair bhaile le ceartú agus tús a chur le lth 4 & 5 Fad ar an lth
9.50-10.00 Lón Beag
10- ? Cuan Mhuire – Bígí dea-bhéasach agus éist go cúramach.
Gaeilge: Léigh an t-alt faoi Phlútó agus freagair na ceisteanna sna cóipleabhair nua atá ag Liam Ó hA
Forainmneacha Réamhfhoclach – Ar & h
Déan A, B, C, D agus E sa chóipleabhar nua – i do pheannaireacht is fearr – bí cúramach
orm, ort, air, uirthi, orainn, oraibh, orthu.
Lón Mór
Béarla: SAOL – Stop agus oscail d’úrscéal ranga – Tá siad ag Julia do na daoine a bhí as láthair.
Write at Home – Déan page 11 B, and 17 A & B i do chóipleabhar nua.
Ceol: Tosaigh ag scríóbh Canaimis duit a Bhríd Naofa i do chóipleabhar crua.
Críóchnaigh Fad – an bhileog Mhata muna bhfuil aon rud eile le déanamh agat, nó don obair bhaile, pé rud a deir an Múinteoir Ranga leat.
29.01.2016
9.00 Mata Meáchan bileoga oibre le déanamh ar an mbileog 38 & 39, Is féidir tús a chur le toilleadh má tá obair ag teastáil.
10.00 -10.05 Lón beag
Lean ar aghaidh ag scríobh na hamhráin i do chóipleabhar crua
Bileog oibre faoi Naomh Bríd le léamh agus ceisteanna le freagairt sa chóipleabhar nua a bhí ag Liam Ó hA inné.
11.00 Gaeilge: Gluaisteáin ar Díol – léitheoireacht agus ceisteanna le freagairt sa chóipleabhar nua. Bileog oibre faoi le le déanamh i do chóipleabhar nua, ná déan dearmad le & tada
liom, leat, leis, léi, linn, libh, leo.
12.00-12.10 Lón Mór
12.10-12.40 Stop agus léigh d’úrscéal ranga
Read at Home page 27 and 32 i do chóipleabhar nua.
1. Corpoideachas sa halla – gleacaíócht le Sandra – ná déan dearmad glanadh suas ag 1.45 don Tionól.
1.45 – 2.40 Béarla- lean den obair
Déan page 42 sa leabhar – beidh dictionary ag teastáil uait.
Tá bileoga oibre sa bhreis don Mhata má tá siad ag teastáil, bheadh sé go hiontach an obair atá leagtha amach a dhéanamh. Má tá fonn ar an Múinteoir Ranga aon obair eile a dhéanamh déan é láithreach le do thoil! Ná déan dearmad Scratch a dhéanamh sa bhaile agus Khan a bheith réidh don Luan.
Míle buíochas, bíodh deireadh seachtaine álainn agaibh, feicfidh mé sibh ar Lé ‘le Bríde. Ná déan dearmad an tEaspag ag Tobar Bhríde 10am Dé Domhnaigh. Slán go fóill. Múinteoir Niamh