Monthly Archives: April 2023
Folláine
Posted onThe Armful by Robert Frost
An tSeirbhís Cúnaimh d’Fhostaithe i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna aitheanta Folláine le chéile anseo don fhoireann ar fad.
https://wellbeingtogether.spectrum.life/wellbeing/235
Seachtain Mheabhair Shláinte – 5 cheardlann
Cúrsa 7 lá saor in aisce le Moira Geary
Tabhair aire duit féin
Éiríonn trioblóidí an tsaoil rómhór dúinn in amanna.
Agus cuireann sin isteach ar na daoine thart timpeall orainn.
Agus is minic gur féidir le páistí atá tinn nó tuirseach an scéal a dhéanamh níos measa.
Má tá an duine fásta faoi strus, mothaíonn páistí an strus sin.
Ní féidir le daoine fásta an t-aire is fearr a thabhairt do na páistí muna dtugann siad aire dóibh féin.
Moltar:
- Am a bheith agat duit féin;
- Suim a choinneáil i rudaí taobh amuigh den bhaile/den obair;
- Tacaíocht a lorg ó ghaolta agus cairde agus ó Fholláine le chéile;
- Sosanna a ghlacadh nuair is féidir agus nuair atá sos de dhíth; agus
- Aire a thabhairt do do chuid sláinte féin.
Faigh comhairle agus tacaíocht. Ní éiríonn le duine ar bith rudaí a fháil i gceart i gcónaí. Cuidíonn comhrá le cairde/dúinne proifisiúnta le strus a bhainistiú.
Déan cinnte de go mbíonn comhluadar agat,
Má éiríonn rudaí rodheacair, fan socair agus glac sos.
Má tá buairimh an tsaoil ag iarraidh rómhór duit cuir gach rud. ar leathathaobh le deis a thabhairt duit féin anáil a tharraingt agus do chuid smaointe a bhailiú le chéile.
Smaoinigh siar ar a tharla agus cad gur féidir a dhéanamh le nach dtarlóidh sé arís.
Nuair atá tú socraithe suigh síos, is féidir comhrá le daoine eile faoi cad tá ar siúl agus cad é atá tú chun déanamh faoi.
Pé rud a tharlaíonn, déan cinnte go bhfuil a fhios agat féin go bhfuil grá ag daoine duit, fiú nuair a bhíonn rudaí dúshlánach agus deacair.
Más é iompar nó éilimh a bhíonn mar údar ag na fadhabanna, tá sé tábhacht go leanfar le struchtúir saol.
Chomh tábhacht agus atá struchtúr, in amanna is gá bheith solúbtha.
Nuair a bhímid solúbtha, foghlaimíonn an daoine eile bheith solúbtha.
Curtha in oiriúint ó ábhar Teanga Tí
Buíochas le Teanga Tí https://www.teangati.ie/avada_portfolio/tabhair-aire-duit-fein/
Aireachas as Gaeilge – 6 nod fiúntach don cholainn agus don intinn
https://www.bbc.co.uk/programmes/p0965xgg
https://www.bbc.co.uk/programmes/p07rn9z0
https://www.bbc.co.uk/programmes/p07trzxn
Póstaeir Cártaí Suaimhnis do Dhéagóirí sa tsraith seo: OTB.ie –
- Ní hionann smaointe agus fíricí
- Duine geanúil is ea thú
- Bíodh grá agat duit féin ar dtús
- Ní mhairfidh seo
- Bí cineálta
- Déan an rud a chreideann tú atá ceart
- Níl aon duine cosúil leat agus sin do shárchumhacht
- Is féidir leat tosú arís i ngach nóiméad
- Níl ann ach an t-am i láthair
- Ná déan aon rud ach anáil a tharraingt
Posted on
Peigín Litir Móir – Amhrán na Míosa – Aibreán 2023
Posted onCurfá
O gairim gairim í,
Agus gairim í, mo stór;
Míle grá le m’anam í
‘Sí Peigín Leitir Móir!
Éirigh suas, a Pheigín
Agus seas ar bharr an aird
Comhar do chuid bullán
Agus féach an bhfuil siad ann.
Curfá
Tá Bríd agam ‘s tá Cáit agam
‘Sí Peig an bhean is fearr;
Pé’r bith fear a gheobhas í,
Nach air a bhéas an t-ádh.
Curfá
Chuir mé scéala siar chuici
Go gceannóin di bád mór;
‘Sé’n scéala ‘chuir sí anair chugham
go ndéanfadh leathbhád seoil.
Curfá
Tá iascairí na Gaillimhe
Ag teacht anior le cóir
Le solas gealaí gile
Nó go bhfeicidís an tseoid.
Curfá deiridh
‘S ó, gairim, gairim í
‘Gus gairim í mo stór
Míle grá le m’anam í
Is gearr go mbeidh sí mór!
Breate – Self Regulation and Relaxation Techniques for Children _PDST
barnardos-northern-ireland-primary-school-booklet-gaeilge
https://machnamh.ie/smaointe-beaga