Tráth na gCeist – Naomh Bríd

Posted on

Cé mhéad atá ar eolas agat faoi Naomh Bríd??

 

1 – Cén bhliain ar rugadh ar Naomh Bríd?  451

2 – Cén bliain a fuair sí bás? 525

3 – Cad a thug sí don fhear bhocht?

Claíomh a hathar

4 – Cén contae in a rugadh Naomh Bríd?

Contae Chill Dara (nó an Lú?!)

5 – Cad as a dhéantar cros Bhríde? Luachra

6- Cén lá a dhéanaimid ceiliúradh ar Naomh Bríd? 1ú Feabhra

7- Cad ab ainm d’ athair Naomh Bríd?

Dubhtach

8- Cén ainm eile atá ar Naomh Bríd?

Muire na nGael

9- Céard a d’fhás nuair a chuir sí ar an talamh é?

A clóca

10- Cad a rinne sí leis an talamh a chlúdaigh a clóca? Bhunaigh sí clochar ann.

11- Cén Naomh eile a bhí thart ag an am céanna? Naomh Pádraig.

 

Maith sibh! Lá ‘le Bríde sona daoibh!


Naomh Bríd

Posted on

Teach Pheadair

Gasúir le Gaeilge – Bean Chonamara ag déanamh chrois Bhríde.

Naomh Bríd – Muire na nGael

Naomh Bríd

Ar an chéad lá d’Earrach, is é sin an chéad lá d’Fheabhra, atá Lá Fhéile Bríde.

Ar na scéalta a insítear ar charthanacht Bhríde tá ráite gur bhronn sí an t-acra ab ansa lena hathair, a chlaíomh, ar fhear bocht déirce. Chuaigh a hathair le báiní ach ní ba mhoille anonn bhí sé bródúil aisti agus thosaigh sé a theacht i dtuiscint ar an charthanacht Chríostaí.

Ba í Bríd a thóg an chéad chlochar in Éirinn taobh le crann mór millteanach darach agus tá an t-ainm “Cill Darach” nó Cill Dara ar an áit go dtí an lá atá inniu ann.

Agus í ag iarraidh Páis Chríost a mhíniú do pháganach i bhí i mbéal báis, d’fhigh sí cros d’fheaganna luachra a bhí scaipte faoin urlár aige. Tá a hainm ceangailte le Cros Bhríde ón lá sin anuas. Déantar ar fud na hÉireann go fóill iad, agus fágtar faoi fhrathacha na dtithe iad Lá Fhéile Bríde, 1 Feabhra, an lá a fuair sí bás faoin bhliain 524 A.D., agus deirtear gur chosaint don teach í an chros ar olc agus ar ghátar.

Tugann na daoine `Muire na nGael’ ar Naomh Bríd.

Seo ceann de na scéalta eile faoi Bhríd: Lá amháin tháinig scaifte de dhaoine bochta chuig Bríd agus ocras mór orthu, ach ní raibh bia ar bith aici. Bhí fear ag teacht agus mála mór aige, agus d’iarr Bríd arán air, ach lig seisean air nach raibh arán ar bith sa mhála ach clocha. Bhí fearg mhór ar Bhríd, agus rinne sí clocha den arán. Tháinig náire ar an fhear ansin. Bhí brón air agus d’iarr sé maithiúnas ar Bhríd. Mhaith sise dó é, agus rinne sí arán de na clocha arís, agus thug an fear do na bochta é.

Lá Fhéile Bríde déanann daoine – crosóga Bhríde’ de luachair ina honóir. Bíonn daoine ag imeacht le ‘Brídeog’ ó theach go teach – babóg atá inti atá déanta de phíosa éadaigh . Bíonn daoine ag caitheamh éadaí tuí – caipín agus veist tuí agus crios tuí. Bíonn siad ag rá amhrán agus iad ag iarraidh airgid nó milseán. Seo cúpla rann a deir siad: Seo í Naomh Bríd is í gléasta go breá; Tabhair di rud éigin in onóir don lá.  Crios Bríde mo chrios, Crios na dtrí gcros, Éirigh suas, a bhean an tí, Agus téirigh tríd an chrios, Go mba sheacht fearr a bheas sé bliain ó anocht! Seanfhocal: Leath Tine agus Leath Bia `Leath tine agus leath bia Lá Fhéile Bríde.’ Bíonn leath na móna dóite agat, agus leath an bhia ite


Cill Aodáin – Anois teacht an earraigh…….

Posted on

CILL AODÁIN

Anois teacht an earraigh beidh an lá ag dul chun síneadh,
’S tar éis na Féile Bríde ardóidh mé mo sheol,
Ó chuir mé i mo cheann é ní stopfaidh mé choíche
Go seasfaidh mé síos i lár Chontae Mhaigh Eo.

I gClár Chlainne Mhuiris bhéas mé an chéad oíche
’S i mBalla taobh thíos de thosós mé ag ól;
Go Coillte Mach rachad go ndéanfad cuairt mhíosa ann
I bhfogas dhá mhíle do Bhéal an Áth’ Mhóir.

Ó fágaim le huacht é go n-éiríonn mo chroíse
Mar éiríos an ghaoth nó mar scaipeas an ceo,
Nuair smaoiním ar Chearra nó ar Ghaileang taobh thíos de,
Ar Sceathach a’ Mhile nó ar phlánaí Mhaigh Eo.

Cill Aodáin an baile a bhfásann gach ní ann,
Tá sméara ’s sú chraobh ann is meas ar gach sórt,
’S dá mbeinnse im’ sheasamh i gceartlár mo dhaoine
D’imeodh an aois díom is bheinn arís óg.

Antaine Rafterí


Lá ‘le Bríde – Amhráin

Posted on

Canaimís Duit a Bhríd

Curfá

Canaimís duit a Bhríd Naofa

A bheireann an tEarrach leat

Crann is bláth ag fás arís

Canaimís duit a Bhríd.

1.

Leag sí a clóca ar an talamh

D’fhás is mhéadaigh sé

Ar nós an ghrá a bhí ag Bríd

Do Dhia is don saol.

Curfá

2.

Chaith sí leis na boicht go fial,

D’oscail sí a croí,

D’oscail sí a croí go lách –

Céad moladh dhuit a Bhríd!

Curfá

Gabhaim molta Bríde

Gabhaim molta Bríghde, iníon í le hÉireann
Iníon le gach tír í, molaimís go léir í.
Lóchrann geal na Laighneach, soils’ ar feadh na tíre
Ceann ar óigheacht Éireann, ceann na mban ar míne.

Tig an Geimhreadh dian dubh, gearra lena géire
Ach ar lá le Bríghde, gar dúinn Earrach Éireann.
Iníon le gach tír í, molaimís go léir í.
Gabhaim molta Bríghde, iníon í le hÉireann


Lá ‘le Bríde sona daoibh! (go luath!)

Posted on

09-La-Fheile-Bríde-FT-R4

http://homepage.eircom.net/~teachpheadair/gaeilge_2.htm

http://doegen.ie/ga/LA_1151g1

https://gasuirlegaeilge.wordpress.com/tag/luachra/

Rugadh Naomh Bríd  lámh le Fochairt i gCo. Lú.Theastaigh ón a hathair Dubhthach  go bpósfadh sí ach bhí a haigne déanta suas ag Bríd go gcaithfeadh sí a saol ina bean rialta. Chuaigh sí ag lorg talún ó fheirmeoir i gCill Dara. Dhiúltaigh sé ar dtús í ach lean sí ag impí air fairsing a clóca a thabhairt di. Sa deireadh ghéill sé agus leathnaigh clóca Bhríde ar an talamh go dtí go raibh dóthain talún aici chun clochar agus séipéal a thógaint. Thóg sí cill nó séipéal faoi scáth chrann darach agus tugtar Cill Dara ar an áit ó shin.

Is iomaí nós a bhaineann le Lá le Bríde. Déantar Crois Bhríde as luachair  agus crochtar í sa teach chun muintir an tí a chosaint ó thine agus ó aon olc i rith na bliana. Deirtear gur cheart an luachair a bhaint roimh éirí na gréine Lá le Bríde. B’í Bríd féin a rinne an chéad chrois. Thug sí cuairt ar thaoiseach a bhí ar leaba a bháis. Fhad is a bhí sí ag caint leis phioc sí suas beart luachraa bhí ar an urlár agus rinne sí crois astu.

D’fhiafraigh an taoiseach di cad a bhí á dhéanamh aici agus d’inis Bríd scéal Íosa dó. D’éist an taoiseach go cúramach agus dúirt gur theastaigh uaidh go mbaistfí é. Bhaist Bríd é díreach sara bhfuair sé bás. Déantar croiseanna Bhríde go forleathan i scoileanna agus i bparóistí ar fud na tíre  agus is minic a díoltar iad ar mhaithe le carthanais sa bhaile agus i gcéin.

Tugtar Muire na nGael ar Bhríd agus is naomh phatrún  Dheoise Chill Dara agus Leighlinne í.

 

Gabhaim molta Bríde
Gabhaim molta Bríghde, iníon í le hÉireann
Iníon le gach tír í, molaimís go léir í.
Lóchrann geal na Laighneach, soils’ ar feadh na tíre
Ceann ar óigheacht Éireann, ceann na mban ar míne.

Tig an Geimhreadh dian dubh, gearra lena géire
Ach ar lá le Bríghde, gar dúinn Earrach Éireann.
Iníon le gach tír í, molaimís go léir í.
Gabhaim molta Bríghde, iníon í le hÉireann


Obair Bhaile na Seachtaine

Posted on

A thuismitheoirí, a chairde,

YOur child has spellings to learn for this week plus a short novel to be completed by Friday. Both of these are in their pac léitheoireachta – Literacy pack. I would also like to recommend spending a little time playing some oral language games, please find a few ideas below. (Please feel free to revisit previous spellings  – all provided or spelling ideas which the children developed before Christmas.)

Have a lovely week and I will see all on Friday pG. Niamh Uí

https://play.google.com/store/apps/details?id=com.wb.headsup

Don’t say it!

30 seconds

I went to the shop and I bought……

Word tennis where two people need to continuously name words on a certain topic.

Boy, girl, fruit, animal country, where players need to name all 5 based on a certain letter of the alphabet.