Don’t forget the suncream!
Monthly Archives: May 2018
Is mise an feirmeoir – Rang Amy 28.05.2018
Posted onIs mise an feirmeoir, Pat is ainm dom.
Is mise an feirmeoir, Pat is ainm dom.
Is breá liom a beith ag siúl ar an bhfeirm gach lá.
Is breá liom an ghrian agus is breá liom an spéir.
Is breá liom na hainmhithe go léir,
Is breá liom na hainmhithe go léir.
Hearaí Hiéna Rang Amy Meitheamh 2018
Posted onHearaí Hiéna
Is pleidhce mór é.
Imríonn sé bobanna
Go deireadh an lae.
BHuail sé bob ar mo mham,
Chuir sé cuileog sa tae,
Thosaigh s e ag gáire,
H,h,h,h,h,h,h, ar sé!
Halla, hanla, hamstar, hata, humptaí,
Gearaí Gabhar Rang Amy 01.06.2018
Posted on
gearaí gabhar – gúna, garda, gairdín, gruaig, gual, garáiste, gluaisteán
glasraí, gadaí, gealach, grian, grianmhar, geata, gáire
Gearaí Gabhar
Gearaí Gabhar,
Gearaí Gabhar gránna,
Gearaí Gabhar,
Is é a bhuailfeadh thú.
Thug sé poc do na garsúin,
Is poc do na girseacha.
Éist le glór na gcrúb,
Guh, guh, guh, guh!
Oscar Ochtapas Rang Amy 28.05.2018
Posted onOscar Ochtapas,
Ag bun an aigéin.
Bailíonn sé stór
A thaitníonn leis féin.
Ola, is oinniúin,
Is oráiste mór.
Ofráileann sé iad,
Dá ghrá geal, a stór!
ospidéal, ordóg, oráiste, ola, othar, otharcharr, oscail, ollmhargadh, obair
Cé mhéad méar? Does your child like finger songs?
Posted onCé mhéad méar? Iad go léir, a haon, dó, trí, ceathair, cúig!
Daidí méar, daidí méar, cá bhfuil tú? Taim anseoo, táim anseo, conas atá tú?
Mamaí méar, mamaí méar, cá bhfuil tú? Taim anseoo, táim anseo, conas atá tú?
deartháir méar, deartháir, méar cá bhfuil tú? Taim anseoo, táim anseo, conas atá tú?
deirfiúr méar, deirfiúr méar, cá bhfuil tú? Taim anseoo, táim anseo, conas atá tú?
baibín méar, baibín méar, cá bhfuil tú? Taim anseoo, táim anseo, conas atá tú?
Posted on
An Eilifint Rang Amy 21.05.2017
Posted ond’aon ghuth 1 – leabhar den scoth!
Swish! Swosh! Buail, buail, buail!
Munch! Munch! Is maith liom bheith ag ithe duilleog.
Féach! Féach! Féach ar mo thrunc ag luascadh, ag luascadh, ag luascadh!
Féach! féach ar mo chos mhór.
Crunch! Crunch! Is láidir iad na heilifintí.
Féach! Féach! Féach ar mo chluas ag luascadh, ag luascadh, ag luascadh!
An Gadaí
Posted onTá na gardaí ag teacht
Is liomsa an fáinne sin
Cá bhfuair tú é
Ghoid mé go ciúin é
Nuair a bh í tú ar strae
Is liomsa an slabhra sin
Cá bhfuair tú é
Ghoid mé go ciúin é
Nuair a bh í tú ar strae
Curfá:
A ghadaí, a ghadaí,
Ná téigh i bhfolach.
Cuir suas do lámha:
Tá na gardaí ag teacht (faoi dhó)
Is liomsa an t-uaireadóir
Cá bhfuair tú é
Ghoid mé go ciúin é
Nuair a bh í tú ar strae
Is liomsa an bráisléad sin.
Cá bhfuair tú é
Ghoid mé go ciúin é
Nuair a bh í tú ar strae
Curfá:
(Véarsa brónach)
A gharda, a gharda,
Scaoil saor mé go luathTá brón orm, a gharda;
Is fuath liom an príosún
le Dominic Ó Braonáin