09-La-Fheile-Bríde-FT-R4
http://homepage.eircom.net/~teachpheadair/gaeilge_2.htm
http://doegen.ie/ga/LA_1151g1
https://gasuirlegaeilge.wordpress.com/tag/luachra/
Rugadh Naomh Bríd lámh le Fochairt i gCo. Lú.Theastaigh ón a hathair Dubhthach go bpósfadh sí ach bhí a haigne déanta suas ag Bríd go gcaithfeadh sí a saol ina bean rialta. Chuaigh sí ag lorg talún ó fheirmeoir i gCill Dara. Dhiúltaigh sé ar dtús í ach lean sí ag impí air fairsing a clóca a thabhairt di. Sa deireadh ghéill sé agus leathnaigh clóca Bhríde ar an talamh go dtí go raibh dóthain talún aici chun clochar agus séipéal a thógaint. Thóg sí cill nó séipéal faoi scáth chrann darach agus tugtar Cill Dara ar an áit ó shin.
Is iomaí nós a bhaineann le Lá le Bríde. Déantar Crois Bhríde as luachair agus crochtar í sa teach chun muintir an tí a chosaint ó thine agus ó aon olc i rith na bliana. Deirtear gur cheart an luachair a bhaint roimh éirí na gréine Lá le Bríde. B’í Bríd féin a rinne an chéad chrois. Thug sí cuairt ar thaoiseach a bhí ar leaba a bháis. Fhad is a bhí sí ag caint leis phioc sí suas beart luachraa bhí ar an urlár agus rinne sí crois astu.
D’fhiafraigh an taoiseach di cad a bhí á dhéanamh aici agus d’inis Bríd scéal Íosa dó. D’éist an taoiseach go cúramach agus dúirt gur theastaigh uaidh go mbaistfí é. Bhaist Bríd é díreach sara bhfuair sé bás. Déantar croiseanna Bhríde go forleathan i scoileanna agus i bparóistí ar fud na tíre agus is minic a díoltar iad ar mhaithe le carthanais sa bhaile agus i gcéin.
Tugtar Muire na nGael ar Bhríd agus is naomh phatrún Dheoise Chill Dara agus Leighlinne í.
Gabhaim molta Bríde
Gabhaim molta Bríghde, iníon í le hÉireann
Iníon le gach tír í, molaimís go léir í.
Lóchrann geal na Laighneach, soils’ ar feadh na tíre
Ceann ar óigheacht Éireann, ceann na mban ar míne.
Tig an Geimhreadh dian dubh, gearra lena géire
Ach ar lá le Bríghde, gar dúinn Earrach Éireann.
Iníon le gach tír í, molaimís go léir í.
Gabhaim molta Bríghde, iníon í le hÉireann