10. Ní Maith Liom an Scoil!
Is múinteoir mé atá faoi bhrón
Amárach an chéad lá de mhí Mheán Fómhair
Is beidh an scoil ag oscailt, och ochón
Ó níl mé ag iarraidh dul ar scoil níos mó
Is múinteoir mé atá ag gol
Mar níl mé ag iarraidh dul ar scoil
Ó b’fhearr liom bheith ag súgradh ar an trá
Ag imirt peil’ is ag féachaint ar na faoileáin
Mamaí:
“A stóirín, tá sé in am éirí, tá tú ag dul ar ais ar scoil inniu!”
Múinteoir:
“Ach a Mhamaí, níl mé ag iarraidh dul ar scoil. Tá mé ag iarraidh dul amach ag spraoi“.
Mamaí:
“Ó in ainm Dé, bíodh ciall agat – is múinteoir tú!”
Le lámha trasna agus lámha suas
Agus “féach a mhúinteoir, bróga nua!”
Agus cailc agus ceapairí agus mar sin de
Is múinteoir mé, ach ní maith liom an scoil!
Múinteoir:
“A Mhamaí, ní féidir liom an iógart sin a thabhairt ar soil”
Mamaí:
“Cad tá cearr leis a stóirín?”
Múinteoir:
“Iógart bándearg é. Ní itheann éinne iógart bándearg! Beidh na múinteoirí eile ar fad ag gáire fúm!“
Múinteoir:
“Éist anois – tá tú tríocha cúig bliain d’aois – is múinteoir tú!“
Ní maith liom an scoil!
Futa Fata Bliain na nAmhrán