Ag Rothaíocht 2022 – Ar do rothar!

Posted on

Baill an rothair mar a léiríodh in ‘Irisleabhar na Gaedhilge’ iad

Rothaíocht Shabháilte

  1. Caith do chlogad rothaíochta i gCÓNAÍ.
  2. Lean na comharthaí tráchta agus ar na soilse tráchta GO LÉIR-ar nós gach éinne eile a úsáideann an bóthar.
  3. Bí Slán, Bí Sofheicthe-caith crios frithchaiteach agus criosanna muinchille frithchaiteacha, go háirithe nuair a bhíonn tú ag rothaíocht sa chlapsholas nó sa dorchadas.
  4. Bí cinnte go bhfuil do rothar ag obair i gceart.
  5. Bí cinnte go bhfuil soilse cearta agus frithchaiteoirí cearta ar do rothar agat.
  6. Bíodh eolas agat ar na comharthaí láimhe cearta agus bain úsáid astu.
  7. Téigh duine i ndiaidh duine i gcónaí agus tú ag dul amach thar dhuine nó thar rud ar bith.
  8. Coinnigh tamall maith siar má bhíonn tú ag rothaíocht laistiar de mhórtarfheithicil i dtrácht mhall.
  9. Bí cúramach nuair a bhíonn na bóithre fliuch nó faoi oighear nó nuair a bhíonn gaoth láidir ag séideadh.
  10. Bain úsáid as do chloigín mar ghléas rabhaidh amháin.
  11. Bain úsáid as slite rothair nuair atá siad ann.

12. Déan cinnte de go bhfuil d’iallacha ceangailte ionas nach mbeish siad greamaithe i  slabhra an rothair.

13. Bí san airdeall ar bhóthar atá fliuch agus nuair atá gaoth láidir ag séideadh.

14. Ná bíodh níos mó ná dhá rothar choíche taobh le taobh

15. Tabhair comharthaí láimhe agus tú ag casadh nó ag stopadh i gcónaí.

16. Coinnigh do dhá lámh ar na hanlaí ach amháin nuair a bhíonn tú ag comharthú nó ag athrú giaranna.