Buaicphointí na Bliana

Posted on

 

Meán Fómhair  – Turas ranga go Eanach Bhaile an Pholardaigh le Michael Jacob.

Deireadh Fómhair – Oíche Shamhna agus Siúlóid na gCailleach go dtí an reilig.

Samhain – Gaeilge 24 agus Gerry Ó’Donoghue ag teach tar chuairt le labhairt faoi “Coinnigh an Dóchas”.

Nollaig – Aonach na Leabhar agus seacláid Chóirthrádála a dhíol agus lá gan culaith scoile um airgead a chruinniúle haghaidh “Coinnigh an Dóchás” .

Eanáir – Éan Bhreathnú i ngairdín na scoile le Múinteoir Ann.

Feabhra – Searmanas an tSolais agus Crósóga Bríde a dhéanamh le rang 2 agus 3.

Márta – Lá Spioradálta ag Solas Bhríde, Seachtain na Gaeilge agus Turas go Gaelscoil Phortlaoise agus Crannchur na Cásca.

Aibreán –  Searmanas an Chóineartaithe leis an Athair PJ Madden agus an Athair Patrick Flynn.

Bealtaine – Turas go Ráth Chairn le Múinteoir Seán, Beathadáin Éan don ghairdín agus Tástáil Chaighdeánaithe.

Meitheamh – An tSeachtain Spóirt, Lá na Rothar, an tSiúlóid Mhór ar an gCurrach le rang a hAon, Lá Scratch agus ár mBialann Ranga um airgead a chruinniú le haghaidh “Coinnigh an Dóchas” agus an Turas Scoile go BÁC.

D’éirigh le Rang a Sé agus na Gardaí Glasaníos mó ná 2,000 euro a chruinniú I mbliana don charthanacht”Coinnigh an Dóchas”, ba mhaith linn ár mbuíóchas a ghabháil le Múinteoir Seán,Comhairle na dTuismitheoirí agus Pobal na Scoile a thug gach uile tacaíocht dúinn I rith na bliana. Bhí bliain den scoth againn agus cé go bhfuil an-díomá orainn a bheith ag fágáil na scoile,  táimid réidh don chéad chéim eile ach ní dhéanfaimid dearmad ar GSCD go deo.

Rang a Sé GSCD

 




Turas Scoile Rang 6

Posted on

AThuismitheoir, a chara,

Táimid ag fágáil ag a 9 agus beimid ar ais ag an scoil idir 6.45 agus 7. Bí cinnte go bhfuil an litir sínithe agus seolta ar ais chugainn.

Tá ar do pháiste lón paiceáite an-mhór, deoch, culaith shnámha, tuáille, hata snámha, cóta báistí agus euro amháin don taisceadán a thógáil leo. Níl aon rud eile ag teastáil nó ceadaithe. Beidh dinnéar againn san Ionad Náisúinta Uisce.

We are leaving the school at 9 and will return between 6.45 and 7. Please ensure that the letter issigned and returned to us by Monday.

Your child will require a very large lunch, drinks, togs, towel, swimming hat, rain coat and a one euro coin for the locker at the National Aquatic Centre. No other items or required or allowed. We will have dinner at the National Aquatic Centre.

Ag súil go mór le lá den scoth,

Esther agus Niamh.




Ár mbialann ranga 17.06.2015

Posted on

Buíóchas mór ó chroí le gach duine a tháinig go dtí ár mbialann, a thug bia agus soláistí dúinn agus a chreid ionainn! D’éirigh linn 679.80 de bhrabús a dhéanamh thar an dá lá agus is aid na páistí a rinne chuile shórt:

bácáil, clár ama a chuir le chéile, biachlár a chumadh agus a scríobh, litir aglorg ceada a scríobh,litir chuig na tuistí a scríobh, póstaer a dhearadh, liostaí siopadóíreachta a chuir le chéile, freastal ar beagnach 400 páiste a tháinig go dtí an bhialann, obair sa chistin ag ullmhú na bia ar fad, glanadh suas, ag leagadh na boird, ag obair mar chuntasóírí agus grianghrafadóírí.Ní fhéadfainn bheith níos sona! Comhghairdeachas libh go léir!

Ní neart go cur le chéile