Posted on

A thuismitheoirí, a chairde,

‘Ní neart go cur le chéile’ is fíor sin go deimhin agus an obair ar fad atá déanta ag foireann na scoile le cúpla mí anuas. Tá dúshlán ann sna míonna atá romhainn ach tá a fhios agam go mbeimid in ann ns dúshláin sin a shárú le chéile.

‘Unity is strength’ how true these words have been for the whole school community in the last few months. There are more challenges ahead but I know that we will overcome these together also.e

Agus deireadh na bliana tagtha ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a ghbháil libh don chúnamh, don chomhoibriú, don tacaíócht agus don chineáltas. Bhí sé go hálainn an méid sin de phobal na scoile a fheiceáil le chéile ar WebEx oíche Déardaoin agus maidin Aoine. Táimid ar fad tar éis go leor a fhoghlaim agus creidim go bhfuil nasc níos láidre againn mar phobal scoile againn anois. Táimid an-bhuíoch do na focail chineálta agus na moltaí.

Ba mhaith liom buíochas speisialta a ghabháil le Coiste na dTuismitheoirí uilig, d’eagraigh sibh go leor imeachtaí áille i mbliana, Picnic na dTeidithe, Dioscó Oíche Shamhna, Féilire, Aonach na Leabhar, cuairteoir speisialta, Lá na Seantuistí Lá na bPancóg, Céilí SNAG, Leabhar léitheioireachta, Fágáil slán, Coiste na dTuismitheoiri ( Facebook) agus go leor, leor, eile. Go raibh míle maith agaibh go léir!

As the end of the year has arrived I would like to thank you all sincerely for your help, co-operation, support and kindness. It was wonderful to see so many of you on WebEx on Thursday evening and Friday morning. We have all learned so much over the last few months and I believe we now have a stronger school community than ever. We are so thankful for your kind words and your recommendations.

I would like to thank all the members of the Coiste na dTuismitheoirí, you organised so many lovely events this year, Picnic na dTeidithe, Dioscó Oíche Shamhna, School Calendar, Aonach na Leabhar, a very special visitor, Lá na Seantuistí, Lá na bPancóg, Céilí SNAG, Leabhar léitheoireachta, Fágáil slán, Coiste na dTuismitheoiri ( Facebook) and so much more. Thanks to everyone who assisted in any way.

Bhí sibhse, a thuismitheoirí, go hiontach ar fad. Tá a fhios agam go bhfuil sibh rúinín buartha faoin teacht ar ais go GSCD, ach leanfaimid na treoracha go léir ón Roinn agus déanfaimid ár seacht ndícheall le cinntiú go mbeidh na páistí go léir socraithe ar ais ar scoil gan brú agus gan buairt. Táimid ag súil go mór le fáilte a chur roimh na páistí Déardaoin 27 Lúnasa. Is féidir linn!

You parents have been wonderful throughout. We know that you may be slightly concerned about the return to school, however we will follow all Department guidelines and we will do our very best to ensure that the children settle back into school without any unnecessary stress or worry. We are so excited to welcome your children on Thursday 27th August. We can and will continue to succeed together!

Guímid gach rath agus sonas ar na páistí i Rang a Sé atá ag leanúint ar ghaidh ar a dturas san oideachas.

We wish all the very best to our children in Rang a Sé as they continue on their educational journey in their new schools.

Beimid i dteagmháil leis na tuismitheoirí nuair atá scéal againn faoi na Sacraimintí, níl aon scéal againn go fóill.

Thar ceann na foirne go léir agus an Bhord Bainistíochta; Go raibh maith agaibh, bain taitneamh as na laethanta saoire agus táimid ag súil go mór leis an gcéad bliain scoile eile.

On behalf of the whole school team and the Board of Management; Thank you, enjoy the holidays and we are looking forward to the next school year.

A sincere and heartfelt thank you,

Le míle buíochas ó chroí,

Príomhoide Niamh Uí Chadhla

 



24.06.2020

Posted on

A Chairde dhíl,

Tá súil agam go bhfuil sibh go maith! Bhí lá an-ghnóthach againn ‘ag fágáil slán’ leis na páistí atá i Rang 6, tá an-bhrón orainn slán a fhágáil leo ach tuigimid go bhfuil orthu bogadh ar aghaidh agus go bhfuil eachtraí eile ag fanacht orthu!

Iniata leis seo tá cur i láthair ón bhfoireann chuig na páistí atá ar scoil linn i mbliana. Beidh mé i dteagmháil libh an Chéadaoin seo chugainn leis an eolas maidir leis na múinteoirí a bheadh ag na páistí. Tá eolas thíos maidir le ceardlann ina mbeidh mé páirteach an Chéadaoin seo chugainn maidir le páistí ag tosú sa Ghaelscoil.

Tabhair aire agus beidh mé i dteagmháil arís an Chéadaoin seo chugainn!

I hope that you are all keeping well! We had a very busy day saying goodbye to our wonderful Rang 6 class, it is always so sad to see the children move on but we know that they must move on  and that there are wonderful adventures waiting for them!

Please find attached a recent piece which we shared with the children from all of the school staff! I will be in touch next Wednesday with information regarding classes and class teachers. There is information below regarding starting school in a Gaelscoil which I will be involved with next Wednesday which may be of interest.

Le gach dea-ghuí,

Niamh Uí Chadhla

Ar Aghaidh Linn!
Ag Aistriú ón Naíonra go dtí an Ghaelscoil nó Bhunscoil Ghaeltachta – Caint Phraiticiúil do Thuismitheoirí agus Chaomhnóirí

An bhfuil do mhac nó iníon ag tosú sa Ghaelscoil nó Bhunscoil Ghaeltachta i mbliana? Is céim mhór agus cloch mhíle an-tábhachtach do pháistí óga agus a dtuismitheoirí í seo. Tabharfaidh caint phraiticiúil Gaeloideachas ar an 1 Iúil go leor comhairle phraiticiúil agus nodanna úsáideacha duit maidir le conas do pháiste a ullmhú dá c(h)éad lá sa scoil lán-Ghaeilge. Roinnfear roinnt acmhainní suimiúla do thuismitheoirí atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge féin, nodanna maidir le cabhrú leis an obair bhaile agus bealaí le tacú le do pháiste aistriú sona a dhéanamh idir an naíonra agus an bhunscoil.

Tá an  chaint seo feiliúnach do thuismitheoirí a mbeidh páiste leo ag tosú ar an nGaelscoil nó bhunscoil Ghaeltachta an fómhar seo. Beidh an seisiún feiliúnach do chuile thuismitheoir, is cuma cén leibhéal líofachta atá acu sa teanga. Is iad Niamh Uí Chadhla, Príomhoide Ghaelscoil Chill Dara, agus Máire Uí Mhurchú, saineolaí sna luathbhlianta agus iar-Stiúrthóir Naíonra Neasáin, a bheas ag éascú an tseisiúin seo. Tabharfaidh Niamh agus Máire leideanna agus comhairle phraiticiúil ar na nithe seo a leanas:

  • Cén chaoi cabhrú le do pháiste tús dearfach a bheith acu sa bhunscoil
  • Céard iad na gníomhaíochtaí spraíúla praiticiúla a bhféadfaí a dhéanamh le linn an tsamhradh le tacú le do páiste agus é no í ag ullmhú do na Naíonáin Sóisir i suíomh lán-Ghaeilge
  • Cén ról atá agatsa mar thuismitheoir do pháiste a spreagadh, is cuma cén leibhéal líofachta atá agat sa Ghaeilge
  • Bealaí le níos mó Gaeilge a úsáid sa bhaile
  • Cén cúnamh agus tacaíochtaí atá ar fáil

Tá an cheardlann seo saor in aisce, ach tá spásanna teoranta ar fáil. Ní mór clárú ar shuíomh Gaeloideachas roimh ré. https://gaeloideachas.ie/register/ 

Má tá aon cheisteanna agat, tá fáilte romhat teagmháil a dhéanamh linn ag ciara@gaeloideachas.ie

Ar Aghaidh Linn!
Moving from the Naíonra to a Gaelscoil or Gaeltacht Primary School – A Practical Talk for Parents and Guardians

Is your son or daughter starting in a Gaelscoil or Gaeltacht primary school this year? The transition from naíonra to primary school is a big step and important milestone for young children and their parents. Gaeloideachas is organising a practical talk on the 1st of July tjhat will give you lots of helpful advice and tips on how you can prepare your child for their first day in an Irish-medium primary school. We will also share some of the many resources available for parents who wish to improve their own Irish, tips on how to help with homework and how you can help your child make a smooth transition between naíonra and primary school.

This talk is aimed at parents and guardians who have children starting an Irish-medium or Gaeltacht school this autumn, and will be suitable for all, regardless of their level of fluency in Irish. The talk will be led by Niamh Uí Chadhla, Príomhoide of Gaelscoil Chill Dara, and Máire Uí Mhurchú, early years expert and former Stiúrthóir Naíonra in Naíonra Neasáin. Niamh and Máire will give tips and advice on the following:

  • How you can help your child have a positive start in school
  • What fun and practical things you can do over the summer to support your child as he or she gets ready for Junior Infants in an Irish-medium setting
  • What role you can play as a parent in encouraging your child, whatever your own level of fluency is in Irish
  • How to use more Irish at home
  • What help and resources are out there

The workshop is free to attend, though numbers are limited. Please register on the Gaeloideachas website before the 1st of July to attend. https://gaeloideachas.ie/register/ 

If you’ve any questions, you’re very welcome to contact us at ciara@gaeloideachas.ie.


19.06.2020

Posted on

A thuismitheoirí, a chairde,

Tá súil agam go bhfuil sibh go maith. Bhaineamar taitneamh agus tairbhe as an gceardlann le Fiona Forman le Rang 6 agus dá bharr beidh ceann againn do na páistí i Rang 4 agus Rang 5 ar an Máirt 23 Meitheamh ag 1 a chlog. Is féidir le éinne atá ag iarraidh an leabhrán álainn a roinn sí linn a fháil anseo.

Tá go leor imeachtaí áille curtha le chéile ag an bhfoireann daoibh agus iad ar fad ar fáil i Spraoi an Mheithimh 2, molaim daoibh breathnú orthu! Glac páirt sa chomórtas grianghrafadóireachta!

Mar is eol daoibh is breá linn a bheith ag léamh agus tá clár iontach maith curtha ar fáil ag Comhairle Chondae Chill DaraSeirbhisí Leabharlainne agus Ealaíon Summer Stars! Molaimid do na páistí ar fad páirt a ghlacadh sa chlár! #SAOL gach lá!

An tseachtain seo chugainn beimid ag fágáil slán leis na páistí don Samhradh agus táimid ag súil go mór leo a fheiceáil ar WebEx agus Dojo. Chuir an fhoireann teachtaireacht le chéile do na páistí anseo!

Le gach dea-ghuí,

Príomhoide Niamh


17.06.2020

Posted on

A thuismitheoirí, a chairde,

Conas atá sibh? Táimid an-ghnóthach i nGSCD ag ullmhú do na páistí nua agus táimid ag súil go mór le bualadh libh i mí Lúnasa. Tá féilire iniata leis seo ach beimid i dteagmháil libh go minic idir an dá linn agus cinnteoimid gach rud!

An tseachtain seo ba mhaith liom eolas a roinnt libh ón Roinn maidir le aistriú ón naíonra go dtí an bhunscoil. Tá go leor eolais curtha le chéile acu ar suíomh amháin. anseo! Let’s get ready!

Mar is eol daoibh, de ghnáth an t-am seo den bhliain bheinn ag tabhairt cuireadh daoibh teacht chuig tráthnóna oscailte leis na páistí.  Faraoir is bliain eisceachtúil í 2020, toisc Coibhéid 19 a bheith sa tír agus dá bharr nach bhfuil cead againn laethanta oscailte a ghairm. Ná bígí buartha, áfach. Tá físeáin bheaga againn daoibh. Tá súil agam gur thaitin an físeán libh an tseachtain seo caite! Agus tá ceann álainn eile anseo inniu buíochas le Múinteoir Sibéal! Beidh deis agaibh bualadh leis na múinteoirí eile an tseachtain seo chugainn!

Is céim thábhachtach í tosú ar scoil agus tá súil agam go gcabhraíonn na físeáin bheaga faoi mar a deir an seanfhocal ‘Tús maith leath na hoibre’.

How are you? I hope you are all well. We are well and very busy preparing for our new Naíonáin Bheaga and we are really looking forward to meeting you all in late August. The calendar is attached and we will be in touch as soon as possible of there are any changes or clarifications as we follow the Departments guidelines for schools.

This week I would like to share with you some information from the Government regarding starting school, I think iit is very good and there are lots of good links provided in one central site. Let’s get ready!

As you know, we would usually be inviting you and the children in for an open afternoon. however, due to the exceptional year we are having this will not be possible to facilitate. No need to worry, as we will continue with our wee video. I hope you enjoyed the video last week and today we will have another video from one of our present infant teachers, Múinteoir Sibéal anseo!. Next week you will meet with more members of the school staff!

Starting school is such an important step and I hope our videos are helping you as you prepare your child to join us at Gaelscoil Chill Dara. A good start is half the battle.

Le gach dea-ghuí,

Príomhoide Niamh

 

 

 


Rang 6

Posted on

A Thuismitheoirí, a chairde,

Tá súil agam go bhfuil sibh go maith.  Tá an t-am seo don bhliain an-deacair do na páistí, go háirithe na páistí i Rang 6. Táimid mar fhoireann croíbhriste, is páistí an-speisialta iad  Sin raite áfach, an rud is tábhachtaí ná go bhfuil na páistí agus pobal na scoile slán sabháilte. Mar is eol daoibh, leis na scoileanna dúnta agus Céim 2 de threoirlínte an Rialtais i bhfeidhm ní féidir linn teacht le chéile ach ar líne. Tá a fhios agam nach bhfuil sé foirfe ach is é an t-aon rogha atá againn faoi láthair. Labhair mé le go leor daoine agus eagraíochtaí inné agus an cinneadh atá déanta againn ná cloí le nósanna imeachta na tíre agus leanúint leis an Fágáil Slán Fíorúil atá eagraithe againn.

Tá foireann na scoile ag obair go dian ar seo agus tá a fhios agam go mbeidh sé go hálainn. Níl sa searmas ar líne ach céim 1, beidh deis ag na páistí teacht go GSCD arís sa todchaí.

Cad atá ag tarlú? Céard atá le déanamh?

1. Tá na múinteoirí fós ag lorg gg de na páistí agus iad níos óige, seol iad chuig muinteoireunice@gmail.com agus rangroisin@gmail.com chomh luath agus is féidir.

2. Beidh Webex againn do na páistí an Luan seo chugainn. Rang Róisín ag 12 agus Rang Eunice ag 1 a chlog. Beidh na páistí ag ullmhú linn don Déardaoin.

3. Gheobhaidh tú cuireadh ó Aladdin le teacht ar scoil, Céadaoin seo chugainn ag am faoi leith idir 3 agus 8 chun na malaí leis na geansaithe a bhailiú. ( Tá na múinteoirí agus Coiste na dTuismitheoirí tar éis a lán oibre a dhéanamh le cinntiú go bhfuil soláistí deasa ar fáil do na páistí chomh maith leis an ngeansaí – tuismitheoirí, coimeád an mála ionas go bhfuil gach rud agaibh don Déardaoin? – beidh deis agat mar chlann grianghraf a ghlacadh ag an scoil chomh maith )

4. Ní bheidh cultacha scoile ag teastáil ar an oíche. Maisigí an teach, déanaigí póstaer le crochadh agus le taispeáint do na páistí eile ar webex ( Má tá fonn oraibh, níl anseo ach smaointe.)

5. Déardaoin ag 7 a chlog beimid ar fad le chéile ar líne, beimid ag súil le rannpháirtíocht uaibh go léir agus beidh ciarsúir ag teastáil!

6. Beimid i dteagmháil libh arís chomh luath is atá sonraí againn maidir leis an gCóineartú. Leanaigí ar aghaidh ag ullmhú don Chóineartaú mar beidh lá an-speisialta againn chomh luath agus is féidir!

A Thuismitheoirí, a chairde,

 

I hope that you are all well, this is a difficult time of the year for us all, especially our children in Rang 6. We as a staff are heartbroken not to be enjoying these few weeks together with your very special children, however their good health is most important to us. As you know, with school closed and the current Phase 2 guidelines in place a gathering at the school at present in not feasible and the only option is to bring the children  and their families together virtually.I know that this is far from ideal, however I have exhausted all other avenues and therefore we will hold a virtual Fágáil Slán next Thursday as planned.

None of us want them finishing the school year with nothing and the staff are working on putting together a lovely ceremony which I know will be different but very special. Rest assure that this is part 1 of their graduation, there will be a chance for the children to return to the school as a group together to say slán when it is safe and permitted.

What is happening and what needs to be done?

1. The múinteoirí are still looking for photos of the children as babies – please forward to muinteoireunice@gmail.com agus rangroisin@gmail.com before Friday 19th June.

2. Monday 22nd there will be a webex at

3. You will get an invitation from Aladdin to come to the school at a specific time, one family at a time to collect the hoodie with your child on Wednsday 24th 3-8. ( The school staff and Coiste na dTuismitheoirí have put lovely surprises together for the children as well as the hoodies, perhaps parents should keep the bags so everything is there for THursday! – family photos may be taken at the school if you wish.)

4. You will need to prepare your home for the graduation, maybe posters, banners, balloons, school uniform is not required as they will put on their hoodie during the ceremony.

5. Thursday at 7 we will all be together online. You will need the bag of goodies and full participation will be required from all to add to the celebration (and tissues!).

6.We will be in touch with details regarding the Confirmation and Part 2 of the Fágáil Slán as soon as we have any information. It is very important to continue to prepare for the confirmation.

Looking forward to seeing the children on Monday!



10.06.2020

Posted on

A thuismitheoirí, a chairde,

Iniata tá físeán an-ghearr i nGaeilge agus i mBéarla chun ‘haigh’ a rá leis na páistí. Tá an-díomá orainn nach mbeidh deis ag na naíonáin nua teacht isteach go fóill ach seo blaiseadh beag dóibh! Beidh siad ‘ag bualadh’ le daoine eile an tseachtain seo chugainn!

Chomh maith leis sin tá eolas tábhachtach faoin gClub Iarscoile.

Slán go fóill agus fanaigí slán,

Príomohoide Niamh agus Teidí Darragh

Fáilte

https://spark.adobe.com/video/OLviNUQFKI5NM


05.06.2020

Posted on

A Chairde,

Tá súil agam go bhfuil sibh go léir go maith, táimid ag smaoineamh oraibh agus is aoibhinn linn na scéalta a chloisteáil a roinneann sibh linn. Míle buíochas!

Agus Mí an Mheithimh anois faoi lán seoil tá súil againn go bhfuil na páistí ag baint taitnimh as Spraoi an Mheithimh. Comórtas 1 -Seol grianghraf chuig muinteoiri@gaelscoilchilldara.com dena páistí ag bogadh nó ag déanamh gníomhaíochta, is breá linn na grianghraif atá faighte cheana féin!

Tá an fhoireann agus an Bord Bainistíochta ag ullmhú gan stad don bhliain seo chugainn. Tá roinnt polasaithe nua faomhadh ag an mBord Bainistíochta le déanaí agus beidh siad le feiceáil ar shuíomh na scoile an tseachtain seo chugainn. Beidh na tuairiscí scoile libh chomh maith leis na leabhair liostaí an Aoine seo chugainn. Beidh deiseanna agaibh coinne a dhéanamh ag deireadh na míosa um leabhair agus ealaín na bpáistí a bhailiú ón scoil agus leabhair ón scéim cíosa agus leabhair leabharlainne a sheoladh ar ais chugainn. Tá na múinteoirí  Ranganna a 6 ag obair leis na páistí chun iad a ullmhú don mheánscoil le ceardlanna agus ag ullmhú um slán a fhágáil leis na páistí ag deireadh na bliana. Tá an fhoireann naíonán ag obair le chéile le fáilte a chur roimh na naíonán nua freisin. Roth mór an tsaoil.

Fuaireamar roinnt iarratas don taithí oibre an bhliain seo chugainn cheana féin. Ní féidir linn ach méid áirithe a thógáil i rith na bliana, mar sin de, iarraimid ar na daltaí teagmháil a dhéanamh linn gan a thuilleadh moille.

Moltaí na Seachtaine:

Spraoi an Mheithimh, SAOL gach Aoine ag 12, Scéalta le Spraoi ( Webinar agus ar Facebook), Gaeilge sa Bhaile agus An Féidir le leat? Scéal an Lae gach Luan ar Aladdin.

 

Le gach dea-ghuí,

Príomhoide Niamh

I hope that is everyone is well, we are thinking of you all and many thanks for the stories you share with us, we love to hear them.

Now that June is underway, we hope the children are enjoying “Spraoi an Meithimh”. As part of Competition 1 please send us pictures of the children moving and taking part in the activities to muinteoiri@gaelscoilchilldara.com, we love the photographs we have received so far!

The board of management and the school staff are working non stop to prepare for the next school year. There are new policies that will be available to view on the school website from next week. School reports and school books lists will be released on Friday. There will be a chance to make an appointment at the end of the month to collect books and art while also returning the book rental and library books. The sixth class teachers are preparing their students for the transition to Secondary school with a webinar and also preparing for the Graduation ceremony. The Infant staff are getting ready for the new Junior Infants while the rest of the staff are working with the children on socials skills and friendships.

We have already received a few work experience applications for next year. We will only be able to take on a small few students so please get the applications into us without further delay.

Tips for the week:

Spraoi an Mheithimh (attached) SAOL EVERY Friday at 12, Scéalta le Spraoi (Webinar and on Facebook),Gaeilge sa Bhaile agus An Féidir le leat? Youtube. Scéal an Lae every Monday on Aladdin.

Le gach dea-ghuí,

Príomhoide Niamh

 

 

 


Tuismitheoirí Nua 03.06.2020

Posted on

A Thuismitheoirí, a chairde,

 

Tá súil againn go bhfuil sibh agus na páistí go maith!

Táimid ag súil go mór le bualadh libh chomh luath agus is féidir linn, ach níl na dátaí cinnte againn daoibh go fóill.  Tá go leor ceisteanna nach féidir linn a fhreagairt faoi láthair ach is féidir linn ag Gaelscoil Chill Dara a chur in iúl daoibh; go bhfuilimid ag obair linn agus ag súil go mór le bheith ag obair leis na páistí nua! Chomh luath is atá a thuilleadh eolais againn beimid i dteagmháil libh!

Idir an dá linn ba mhaith linn eolas a roinnt libh faoi na cultacha scoile, na leabhair agus na foirmeacha eolais. ( An bhféadfá an bhileog beagnach céanna a roinnt leo mar ceangaltán? ceann litir nó suaithantas na scoile leis)

Beimid i dteagmháil libh gach Céadaoin idir seo agus deireadh na míosa agus beidh deis agaibh bualadh le Foireann na Naíonán agus turas a thógáil timpeall na scoile!

Tabhair aire a chairde!

Le gach dea-ghuí,

Príomhoide Niamh

PS. Ar thaobh na Gaeilge de tá leabhrán álainn ar fáil anseo Déan Comhrá buíochas le Gaeloideachas. Chomh maith leis an leabhar tá físeáin áille acu anois ar Youtube!