Turas na Croise

Posted on

1.Daotar Íosa chun bás.

2. Iompraíonn Íosa a chrois.

3. Titeann Íosa don chéad uair.

4. Casann Íosa lena mháthair, Muire.

5. Cabhraíonn Síomón le hÍosa an chrois a iompar.

6. Cuimlíonn Veronica aghaidh Íosa.

7. Titeann Íosa arís.

8. Tugann Íosa sólás so mhná atá brónach.

9. Titeann Íosa don tríú huair.

10. Baintear a chuid éadaí d’Íosa.

11. Crochtar Íosa ar an gcrois.

12. Faigheann Íosa bás ar an gcrois.

13. Tógtar Íosa anuas den chrois.

14. Cuirtear Íosa sa tuama.


Seo Tallaine 2015

Posted on

Bhí Seó Tallaine rang a trí agus a ceathair ar súil ar an 20ú Marta 2015

Bhí alán grúpaí eagsúla ag glacadh páirte agus bhuaigh na Ceathrar Amigos!

Saoirse, Amelia, Eimear & Aoibhe

leis an amhrán ‘Tíde’

Dúirt na gcailíní linn:

“Bhíomar an sásta go deo nuair a ghloaigh na na moltóirí orainne!”

Tháinig an Dráma ‘Athair Ted’ sa dara áitimage

Lily, Claire, Megan, Kerry Ann & Lauren

Bhí an-chraic againn sa lucht feachanna freisin.


An tSeachtain Naofa

Posted on

Domhnach an Iúir (Domhnach na Pailme)

Sliocht as Soiscéal Naomh Eoin 12:12-14. Lá arna mhárach, an slua mór a tháinig don fhéile, nuair a chuala siad go raibh Íosa ag teacht go Iarúsailéim, thóg siad craobhacha pailme agus amach leo ina choinne, agus na gártha á gcur suas acu: “Hósana! Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna, sea, rí Iosrael.” Agus fuair Íosa asal óg agus shuigh air . . .


Foireann Cispheil Na Cailíní Beagnach Ann

Posted on

D’éirigh le foireann chispheil na gCailíní ó Ghaelscoil Chill Dara an cluiche leath cheannais a bhaint amach i mbliaina.

Is iad Ava, Niamh, Avril, Holly, Lauren, Gráinne, Ellen, Mairéad, Kate, Claire, Orlaith agus Charlie na  cailíní atá ar an bhfoireann agus is í Múinteoir Esther an bainisteoir.

Cé gur imir na cailíní go hiontach ar fad as cluiche ar an 5ú Eanair, níor éirigh leo an bua a bhaint amach.

 

Le Angela Avril, Elizabeth Holly, agus Katie Eimearimage


Gaeilge 24 Uair – Praiseach an T-léinte – le Lauren💙💚💜💗 agus Caoimhe🐠🐬🐳

Posted on

Ar an 14/11/14 d’fhan Rang a Sé tar oíche i nGaelscoil Chill Dara.

Bhí gach duine ag súil go mór le t-léine agus rostbhanda Gaeilge 24 Uair a fháil.

Ach…… ní bhfuair ach níos lú ná leath de Rang Esther t-léine!

Thug Esther rostbhanda dóibh in ionad an t-léine, ach fuair Rang Niamh rostbhanda agus t-léine an duine!

Bhí cúpla daoine trína chéile agus thosaigh siad ag caoineadh, ach bhí gach duine ceart go leor nuair a chuamar chuig K-Bowl!😀😃😄

Is breá linn an Ghaeilge! Féach ar an gclog!

Is breá linn an Ghaeilge! Féach ar an gclog!

DSCF0071


Seó Tallainne Rang 3 agus 4

Posted on

Bhí Seó Tallainne Rang 3 agus Rang 4 2015 ar an Aoine 20 Márta i nGaelscoil Chill Dara. Ghlac a lán páistí páirt ann agus bhí said go léir go hiontach. Sa deireadh tháinig Lauren, Lily, Claire agus Kerri Ann sa dara  háit le dráma darbh ainm ‘Father Ted.’ Bhuaigh Amelia, Eimear, Saoirse agus Ava as chéad áit leis an amhrán Tida.

 

Le Sinéad, Hugo agus Billy.




Gaeilge 24 uair

Posted on
Tá an dinnéar réidh!

Tá an dinnéar réidh!

Bhí Gaeilge 24 uair ar siúl ar an 14ú Samhain 2014.

Bhí daltaí rang a sé ag fanacht thar oíche I Gaelscoil Chill Dara.

Bhí t-léine dearg acu.Bhí an chraic acu.

Bhí cluichí agus suilóid mór acu.

 

Maith sibh a pháistí agus a mhúinteoirí.

Le Róisin ní hIfearnáin agus Caitríona nic Uidhir .

Is breá linn an Ghaeilge! Féach ar an gclog!

Is breá linn an Ghaeilge! Féach ar an gclog!


Peil Ghaelach na gCailíní

Posted on

D’éirigh le foireann peile na gcailíní Ghaelscoil Chill Dara áit a fháil i gcraobh Chill Dara sa sraithchomórtas an chondae.

Ba í Múinteoir Clíodhna bainisteoir na foirne agus buíochas léi agus a cuid oibre bhí ádh an domhain ar an bhfoireann bheith sa chraobh.

Tá cailíní ó Rang a ceathar, cúig agus rang a sé ar an bhfoireann agus bíonn siad ag traenáil le Múinteoir Clíodhna agus Múinteoir Seán gach Déardaoin.

Ar an ndrochuair níor éirigh le na cailíní an cluiche a bhuachaint ar an lá gruma in Achadh Morgha. Bhí an bua ag na Solláin.

 

image