Sraith sacair 2014

Posted on

WP_20140530_049 WP_20140530_047 WP_20140530_045 WP_20140530_042Charlie – Foireann na Brasaíle

Ciarán – Foireann na hAirgintíne

Evan – Foireann na Bheilge

Michael – Foireann na Gearmáine

Bhí foireann na Brasaíle (Charlie) ag imirt inniu i gcoinne fhoireann na hAirgintíne inniu, bhuaigh foireann na Brasaíle 3-1.

Bhí foireann Chonor ag imirt i gcoinne foireann Adam, comhscór a bhí ann 1-1.

Beidh cluiche againn arís a Mháirt seo chugainn.



Ceapairí Tóstáilte – Obair Bhaile 29.05.2014

Posted on

Bhí na páistí go hiontach inniu, rinne siad dhá scrúdú agus de bharr sin ní bheidh aon obair bhaile acu.

Ach tá cúnamh uainn, b’aoibhinn linn ceapairí tóstáilte a dhéanamh amárach agus tá cúpla rud de dhíth orainn.

Síofra – cáis

Seán – arán

Shannon – cáis

Páraic – liamhás

Romy – leitís

Charlie – mayo

Ava – leitís

Máiréad – trátaí

Daithí – arán

Ciarán – trátaí

Alannah – tuna/túin

Josh – im

Georgia – mayo

Donnchadh – ketchup

Caoimhe – liamhás

Michael  – bbq anlann

Jack – arán

Niall – arán

Karen – milseog Blasta!!!

Caelán – im

Gracie -milseog blasta!!!

Eoin – im

Evan – cáis

Go raibh míle maith agat agus ná bí buartha muna bhfuil an bhia agat.

 

 

 

 

 

 

 

 


Batwalk

Posted on

Buíochas le Geoff chuala mé go bhfuil BATWALK ar siúl in EMO COURT amárach Aoine 30.05.2014 ag 21.15.

An mbeidh tú ann?

http://www.batconservationireland.org/php/events.php

http://www.heritageireland.ie/en/midlandseastcoast/emocourt/

 

ps Ní bheidh na hialtóga ag siúl!!!



Rathcairn 2014

Posted on

Tá Múinteoir Esther agus Múinteoir Seán chomh maith le 18 bpáiste ó Rang 6 ag dul go Rathcairn inniu. Beidh sraith peile ar siúl ann inniu agus amárach agus tá súil againn go mbeidh an bua ag Gaelscoil Chill Dara. Tá Melissa, deirfiúr  Mhairéad, col ceathrar Phádraic, Jamie agus mac Dheirdre, Eoin agus mo mhac Darragh ag imeacht. Guímid gach rath orthu i Rathcairn.

Bunaíodh Gaeltacht Ráth Chairn timpeall 1935 nuair a chuir seacht gclann is fiche as Conamara, go háirithe as cheantar na n-oileán agus ón gCeathrú Rua, fúthu ar thalamh a bhí faighte ag Coimisiún na Talún i gContae na Mí. Ba é ceann de na smaointe b’fhadradharcaí i gcursaí athbheochana na Gaeilge riamh.Tá mamó Sheáin, Bríd Uí Fhatharta ina cónaí i Rathcairn.

Rathcairn