Naomh Bríd
Paidir Chun Bríde Naofa
A Bhríd, a Mhuire na nGael,A Bhríd,
scaoil tharam do bhrat,
agus coinnigh faoi do chumhdach mé
go mbeidh mé leat i bhFlaitheas Dé.
Naomh Bríd
Paidir Chun Bríde Naofa
A Bhríd, a Mhuire na nGael,A Bhríd,
scaoil tharam do bhrat,
agus coinnigh faoi do chumhdach mé
go mbeidh mé leat i bhFlaitheas Dé.
A chairde,
Beatha agus sláinte! Athbhliain faoi mhaise daoibh go léir agus tá súil agam go raibh saoire álainn agaibh. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil libh as ucht na beannachtaí, cártaí agus bronntanais fíor áille. Go raibh míle maith agaibh.
Welcome! Happy New Year to you all and I hope that you had a lovely Christmas. I would like to take this opportunity to thank you all for your good wishes, lovely cards and gifts.
Beannachtaí na bliana úra oraibh go léir. Go mbeidh rath, ádh agus bláth oraibh agus go mbeidh bliain úr den scoth agaibh go léir agus go mbeirimid beo ar an am seo arís!
Ag súil go mór le téarma den scoth eile! Looking forward to another excellent term!
Le gach dea ghuí,
Príomhoide Niamh
Canaimís Duit a Bhríd
Curfá
Canaimís duit a Bhríd Naofa
A bheireann an tEarrach leat
Crann is bláth ag fás arís
Canaimís duit a Bhríd.
1.
Leag sí a clóca ar an talamh
D’fhás is mhéadaigh sé
Ar nós an ghrá a bhí ag Bríd
Do Dhia is don saol.
Curfá
2.
Chaith sí leis na boicht go fial,
D’oscail sí a croí,
D’oscail sí a croí go lách –
Céad moladh dhuit a Bhríd!
Curfá
Gabhaim molta Bríghde, iníon í le hÉireann
Iníon le gach tír í, molaimís go léir í.
Lóchrann geal na Laighneach, soils’ ar feadh na tíre
Ceann ar óigheacht Éireann, ceann na mban ar míne.
Tig an Geimhreadh dian dubh, gearra lena géire
Ach ar lá le Bríghde, gar dúinn Earrach Éireann.
Iníon le gach tír í, molaimís go léir í.
Gabhaim molta Bríghde, iníon í le hÉireann
Cé mhéad atá ar eolas agat faoi Naomh Bríd??
1 – Cén bhliain ar rugadh ar Naomh Bríd? 451
2 – Cén bliain a fuair sí bás? 525
3 – Cad a thug sí don fhear bhocht?
Claíomh a hathar
4 – Cén contae in a rugadh Naomh Bríd?
Contae Chill Dara (nó an Lú?!)
5 – Cad as a dhéantar cros Bhríde? Luachra
6- Cén lá a dhéanaimid ceiliúradh ar Naomh Bríd? 1ú Feabhra
7- Cad ab ainm d’ athair Naomh Bríd?
Dubhtach
8- Cén ainm eile atá ar Naomh Bríd?
Muire na nGael
9- Céard a d’fhás nuair a chuir sí ar an talamh é?
A clóca
10- Cad a rinne sí leis an talamh a chlúdaigh a clóca? Bhunaigh sí clochar ann.
11- Cén Naomh eile a bhí thart ag an am céanna? Naomh Pádraig.
https://www.forasnagaeilge.ie/wp…/09-La-Fheile-Bríde-FT-R4.pptx
Cur i láthair – Lá Fhéile Bríde buíochas le Foras na Gaeilge.
Naomh Bríd – Rugadh Naomh Bríd lámh le Fochairt i gCo. Lú. Theastaigh ón a hathair Dubhthach go bpósfadh sí ach bhí a haigne déanta suas ag Bríd go gcaithfeadh sí a saol ina bean rialta. Chuaigh sí ag lorg talún ó fheirmeoir i gCill Dara. Dhiúltaigh sé ar dtús í ach lean sí ag impí air fairsing a clóca a thabhairt di. Sa deireadh ghéill sé agus leathnaigh clóca Bhríde ar an talamh go dtí go raibh dóthain talún aici chun clochar agus séipéal a thógaint. Thóg sí cill nó séipéal faoi scáth chrann darach agus tugtar Cill Dara ar an áit ó shin.
Is iomaí nós a bhaineann le Lá le Bríde. Déantar Crois Bhríde as luachair agus crochtar í sa teach chun muintir an tí a chosaint ó thine agus ó aon olc i rith na bliana. Deirtear gur cheart an luachair a bhaint roimh éirí na gréine Lá le Bríde. B’í Bríd féin a rinne an chéad chrois. Thug sí cuairt ar thaoiseach a bhí ar leaba a bháis. Fhad is a bhí sí ag caint leis phioc sí suas beart luachraa bhí ar an urlár agus rinne sí crois astu.
D’fhiafraigh an taoiseach di cad a bhí á dhéanamh aici agus d’inis Bríd scéal Íosa dó. D’éist an taoiseach go cúramach agus dúirt gur theastaigh uaidh go mbaistfí é. Bhaist Bríd é díreach sara bhfuair sé bás. Déantar croiseanna Bhríde go forleathan i scoileanna agus i bparóistí ar fud na tíre agus is minic a díoltar iad ar mhaithe le carthanais sa bhaile agus i gcéin.
Tugtar Muire na nGael ar Bhríd agus is naomh phatrún Dheoise Chill Dara agus Leighlinne í.
Gasúir le Gaeilge – Bean Chonamara ag déanamh chrois Bhríde.
Naomh Bríd
Ar an chéad lá d’Earrach, is é sin an chéad lá d’Fheabhra, atá Lá Fhéile Bríde.
Ar na scéalta a insítear ar charthanacht Bhríde tá ráite gur bhronn sí an t-acra ab ansa lena hathair, a chlaíomh, ar fhear bocht déirce. Chuaigh a hathair le báiní ach ní ba mhoille anonn bhí sé bródúil aisti agus thosaigh sé a theacht i dtuiscint ar an charthanacht Chríostaí.
Ba í Bríd a thóg an chéad chlochar in Éirinn taobh le crann mór millteanach darach agus tá an t-ainm “Cill Darach” nó Cill Dara ar an áit go dtí an lá atá inniu ann.
Agus í ag iarraidh Páis Chríost a mhíniú do pháganach i bhí i mbéal báis, d’fhigh sí cros d’fheaganna luachra a bhí scaipte faoin urlár aige. Tá a hainm ceangailte le Cros Bhríde ón lá sin anuas. Déantar ar fud na hÉireann go fóill iad, agus fágtar faoi fhrathacha na dtithe iad Lá Fhéile Bríde, 1 Feabhra, an lá a fuair sí bás faoin bhliain 524 A.D., agus deirtear gur chosaint don teach í an chros ar olc agus ar ghátar.
Tugann na daoine `Muire na nGael’ ar Naomh Bríd.
Seo ceann de na scéalta eile faoi Bhríd: Lá amháin tháinig scaifte de dhaoine bochta chuig Bríd agus ocras mór orthu, ach ní raibh bia ar bith aici. Bhí fear ag teacht agus mála mór aige, agus d’iarr Bríd arán air, ach lig seisean air nach raibh arán ar bith sa mhála ach clocha. Bhí fearg mhór ar Bhríd, agus rinne sí clocha den arán. Tháinig náire ar an fhear ansin. Bhí brón air agus d’iarr sé maithiúnas ar Bhríd. Mhaith sise dó é, agus rinne sí arán de na clocha arís, agus thug an fear do na bochta é.
Lá Fhéile Bríde déanann daoine – crosóga Bhríde’ de luachair ina honóir. Bíonn daoine ag imeacht le ‘Brídeog’ ó theach go teach – babóg atá inti atá déanta de phíosa éadaigh . Bíonn daoine ag caitheamh éadaí tuí – caipín agus veist tuí agus crios tuí. Bíonn siad ag rá amhrán agus iad ag iarraidh airgid nó milseán. Seo cúpla rann a deir siad: Seo í Naomh Bríd is í gléasta go breá; Tabhair di rud éigin in onóir don lá. Crios Bríde mo chrios, Crios na dtrí gcros, Éirigh suas, a bhean an tí, Agus téirigh tríd an chrios, Go mba sheacht fearr a bheas sé bliain ó anocht! Seanfhocal: Leath Tine agus Leath Bia `Leath tine agus leath bia Lá Fhéile Bríde.’ Bíonn leath na móna dóite agat, agus leath an bhia ite
Rinneamar Crosa Bhríde le na páistí i Rang a Dó um Lá ‘le Bríde a cheiliúradh!
Rinneamar Crósóga le Múínteoir Aoileann ar an Máirt, míle buíochas a Aoileann.
Mhúin sí rann gearr dúinn a chabhróidh lear Crosóg Bhríde a dhéanamh le luachair, páipéar, fabraic srl.
Tóg luachair amháin, cuir ceann amháin eile taobh thiar,
Fill an ceann taobh thiar go dtí a trí, Cas go dtí a 12 agus tosaigh arís!
D’éirigh go hiontach linn buíochas leis an rann agus na luachair a bhailigh Múinteoir Aoileann ar an gCurrach.
luachair
ach scoth luachra – ag gearradh luachra – airgead luachra

le Máire Nic a’Daird
Nach deas í an tuath
lena cota bog ban
ina codladh go sáimh
sa sneachta geal glan.

