Conas atá sibh a chairde, chonaic mé Alannah inné agus Dáithí inniu agus tá isad iontach ar fad, tá súil agam go bhfuil gach éinne ag baint taitnimh as na laethanta saoire anseo i gCo. Chill Dara, cois farraige, san Eoraip, sa Mheiriceá nó i gCeanada!
Níl Corn an Domhain ar siúl inniu agus tá leadrán orm anois! céard eile go bhféadfainn a dhéanamh?
Donnóga seacláide!
Comhábhair:
175g – seacláid leáite
175g – im
25g – púdar cocoa
3 – ubh
225g – siúcra
1 tsp úscra fainile
100g – plúr
75g píosaí seaclaide /leamhachán – don mháisiúchán sula dtéann na donnóga san oigheann.
Modh:
Mheasc mé na comhábhair go léir i mbabhla mór agus leag mé iad amach ar trádaire. Chuir mé párpháipéar ar an dtrádaire roimh ré ionas nach mbeadh gach rud greamaithe don thrádaire!
Agus an meascán ar an dtrádaire chuir mé na píosaí seacláide air.
Chuir mé an trádaire san oigheann ag 165céim ar feadh 23 nóíméad.
Nuair a thógas amach iad ghearr mé iad láithreach.
Leath uair a chloig níós déanaí d’ith mé iad ( agus roinn mé iad le daoine eile freisin!)
Bainigí sult astu!
An meascán
Na donnóga san oigheann.
Agus iad bácáilte, tá sé tábhachtach iad a ghearradh láithreach.
Réidh le n-ithe! Blasta!