Fáilte ar ais a chairde! Tá súil agam go raibh briseadh álainn agaibh agus go bhfuil sibh go léir go maith. Táimid ag súil go mór leis na páistí a ‘fheiceáil’ inniu agus a bheith ar ais ar scoil le chéile chomh luath in Éirinn agus is féidir! Idir an dá linn tá clár álainn curtha le chéile do na seachtainí atá romhainn.
Maidir leis na ceachtanna Zoom, tá sé iontach tábhachtach ainm an pháiste a chur isteach agus iad ag freastal ar na ceachtanna Zoom, beidh múinteoirí nua ag obair agus ní féidir leo daoine a scaoileadh isteach muna bhfuil siad ar an rolla. Tá roinnt tuistí tar éis cuntas nua zoom a chruthú do na páistí amháin le dul i ngleic leis an bhfadhb seo m.sh. Ainm Seán, Oisín, Darragh Ó Cadhla. Chomh maith leis sin iarraimid oraibh a bheith san seomra feithimh 5 nóiméad luath ionas go féidir leis an múinteoir an t-am ar fad a chaitheamh ag múineadh agus más féidir leis na páistí cluasáin a chaitheamh tá sin ceadaithe agus an-chabhrach.
Bíodh seachtain álainn agaibh agus chomh luath is atá scéal againn ón Roinn beimid i dteagmháil libh. Táimid ag súil le pacáistí oibre a bheith ullamh againn daoibh Déardaoin seo idir 4-6 agus Aoine 10-12 ach braitheann sin ar an nuacht i rith ns seachtaine.
Welcome back, I hope that you had a good week and that all are well. We are looking forward to ‘seeing’ the children today and to welcoming the children back to GSCD as soon as it is safe to do so. Between now and then we have a lovely programme put together for the next few weeks.
Just an important note regarding Zoom lessons, it is now more important than ever to have the name of your child on the zoom call, we have some new staff working with us at present and they can only allow in those who are on the roll. Some parents have created a new Zoom account especially for their children to get around any naming issues and have placed the nmames of all tehir children here ex. Ainm Seán, Oisín, Darragh Ó Cadhla which is perfect. We area also asking people to enter the waiting room 5 minutes in advance of each lesson to ensure maximum teaching time. If your child would like to wear headphones they may, and headphones are very useful.
Depending on the news during the week we are planning to have work packages ready for collection this Thursday 4-6 and Friday 10-12, we will have more news later this week. Have a lovely week and as soon as we have definitive news from the Department we will be in touch.
Le gach dea-ghuí agus beannachtaí an Earraigh chugaibh go léir,