Tús maith leath na hoibre mar a deireann an seanfhocal agus bhí tús iontach againn Déardaoin. Táim ag súil go mór le bliain den scoth le Rang a Sé. Fáilte ar ais ar scoil a scoláirí!
Múinteoir Niamh
Tús maith leath na hoibre mar a deireann an seanfhocal agus bhí tús iontach againn Déardaoin. Táim ag súil go mór le bliain den scoth le Rang a Sé. Fáilte ar ais ar scoil a scoláirí!
Múinteoir Niamh
Thosaigh Darragh ag freastal ar Ghael Choláiste Chill Dara inniu. Bhí sceitimíní an domhain air agus é ag súil go mór lena chairde a fheiceáil agus cairde nua a dhéanamh, is dócha!
Beidh mé an-uaigneach ar scoil gan é ach ar a laghad tá beirt fágtha agamsa!
Haigh,
Tá súil agam go bhfuil gach éinne go maith agus ar bís le dul ar ais ar scoil Déardaoin!! An bhfuil a fhios agaibh go bhfuil Seachtain Oidhreachta 2014 ar siúl faoi láthair? D’imigh mé go Teach Bhaile an Chaisleáin le na páistí agus mo mhamaí Dé Domhnaigh, bhí lá den scoth againn ( agus tá na cácaí sa Chafé an-bhlasta!).
Teach Bhaile an Chaisleáin (tg)
Tá eachtraí iontacha ag tarlú timpeall na tíre agus iad ar fad saor in aisce! ( beagnach!)
Bainigí sult astu agus feicfidh mé sibh ar scoil Déardaoin!
Slán go fóill
Aimsigh an t-am atá caite. Tóg an todhchaí!