Cúig Ubh Istigh Sa Nead
Cúig ubh istigh sa nead
Cearc ar gor: bac, bac, bac
Scoilt blaosc! Scoilt sí arís!
Tháinig sicín amach – tSíp, tSíp!
Cúig ubh istigh sa nead
Cearc ar gor: bac, bac, bac
Scoilt blaosc! Scoilt sí arís!
Tháinig sicín amach – tSíp, tSíp!
Ceithre ubh istigh sa nead
Cearc ar gor: bac, bac, bac
Scoilt blaosc! Scoilt sí arís!
Tháinig sicín amach – tSíp, tSíp!
Trí ubh istigh sa nead
Cearc ar gor: bac, bac, bac
Scoilt blaosc! Scoilt sí arís!
Tháinig sicín amach – tSíp, tSíp!
Dhá ubh istigh sa nead
Cearc ar gor: bac, bac, bac
Scoilt blaosc! Scoilt sí arís!
Tháinig sicín amach – tSíp, tSíp!
Ubh amháin istigh sa nead
Cearc ar gor: bac, bac, bac
Scoilt blaosc! Scoilt sí arís!
Tháinig sicín amach – tSíp, tSíp!
FAOILEÁN FAOILEÁN AR AN TRÁ
Faoileán, faoileán ar an trá,
Tá tú uaigneach, cén fáth?
D’imigh, d’imigh, d’imigh
Grá mo chroí,
D’fhág sí mé liom féin
is d’imigh sí.
Faoileán, faoileán ar an trá,
Ná bí uaigneach mar atá,
Fillfidh, fillfidh, fillfidh
Grá do chroí,
Tuigeann sí go binn
Gur geal leat í.
Faoileán, faoileán ar an trá,
Seo í do chara, seo í do ghrá,
D’imigh sí thar muir
I bhfad i gcéin;
Ach tháinig sí ar ais
Chuig a grá geal féin.
Dhá Éan Bheaga
Dhá éinín bheaga thuas ar an bhalla
Seo é Pól, seo é Peadar.
Imigh leat, a Phóil,
Imigh leat, a Pheadair.
Tar ar ais, a Phóil,
Tar ar ais, a Pheadair.
Coc a dúdal du!
Coc a dúdal dú!
Tá sé in am na ba a chrú
Na cuirigí am amú
Coc a dúdal dú!
Taidhgín Turcaí
Gogal-gogal-gogal:
Gogal-gogal-gog!
Mise Taidhgín Turcaí
Gogal-gogal-gog!
Ní labhraímse os íseal
Ní labhraímse go bog.
Gogal-gogal-gogal:
Gogal-gogal-gog!
Gugalaí gug buíochas le Merrybeau.edublogs.org
Gugalaí-gug,mo chircín dubh/Cúig ubh istigh sa nead
Photo Credit: Grant Bierman via Compfight
Gugalaí-gug,mo chircín dubh,
Suíonn sí síos is beireann sí ubh,
Photo Credit: kool_skatkat via Compfight
Ubh inné is ubh inniu,
Gugalaí-gug mo chircín dubh.