BUALADH BOS
Curfá:
Bualadh bos, bualadh bos, bualadh bos go léir,
Tá Daidí na Nollag teacht anois, anuas an simléar.
Bualadh bos, bualadh bos, bualadh bos go léir,
Tá Daidí na Nollag teacht anois, anuas an simléar.
Tá an Nolllaig buailte linn,tá áthas ins an aer,
Tá sneachta ar an talamh, tá réalta ins an spéir,
Táimid ag dul a chodladh, is tá ár stocaí réidh,
Tá Daidí na Nollag teacht anois, anuas an simléar.
Curfá.
A Dhaidí, brostaigh ort, is cuir do mhála síos,
Líon suas an stoca beag le feiríní arís.
Is mithid duit imeacht suas an simléar,
Tá páistí beaga ag feitheamh ort i ngach aon áit faoin spéir.
Curfá
TÁ DAIDÍ NA NOLLAG AG TEACHT
Ó bígí go maith, go hiontach gach lá, Teigí a chodladh, tá ‘s agaibh cén fáth,
Tá Daidí na Nollag ag teacht go luath.
Tá liosta aige, déanta faoi dhó, Is faigheann sé amach cé bhíonn dána, gan stró,
Tá Daidí na Nollag ag teacht go luath.
Bíonn sé ag féachaint ortsa, ag éisteacht leat gach lá,
Is muna mbíonn tú dána, beidh gach aon rud go breá.
Ó bígí go maith, ag faire amach, Teigí a chodladh, tá ‘s agaibh cén fáth.
Tá Daidí na Nollag ag teacht go luath.
Le teidí beag buí, le trumpet is drum, Le rút-í-tút-tút, is rumaí-tum-tum,
Ta Daidí na Nollag ag teacht go luath.
Bíonn sé ag féachaint ortsa, ag éisteacht leat gach lá,
Is muna mbíonn tú dána, beidh gach aon rud go breá.
Ó bígí go maith, ag faire amach, Teigí a chodladh, tá ‘s agaibh cén fáth.
Tá Daidí na Nollag ag teacht go luath.x 2
RUDOLF AN FIA RUA
Rudolf an fia rua, bhí loinnir ar a shrón chomh maith,
Agus dá bhfeicfeá ariamh é, déarfa linn go raibh sé geal.
Bhíodh na fianna eile ag gáire is ag magadh faoi,
Ní ligeadh siad ariamh do Rudolf, páirt a ghlacadh i gcluichí.
Oíche Nollag, cheomhar, bhán, tháinig San Nioclás;
“Rudolf ,le do shrón gheal ghlé,
An rachaidh tú ós comhair mo shlé?”
Bhí grá ag na fianna eile dó, is bhéic siad amach ós ard;
“Rudolf, an Fia rua, nach ortsa bhéas an clú is cáil!!”