Dia daoibh a chairde,
Tá súil agam gur éirigh go hiontach libh ag snámh inniu. Tá an-díomá orm nach féidir liom sibh a fheiceáil inniu ach má tá fonn oraibh grianghraif a sheoladh chugam ag gscdrangniamh@gmail.com cuirfidh mé iad ar an mblag go luath.
Cairde Cleite – Bhí áthas an domhain ar ár gcairde i gCo. Na Gaillimhe na cártaí a fháil, maith sibh! roinn sibh cairdeas arís! Féach anseo ar an teachtaireacht álainn uathu. Sheol mé na litreacha chuig Michael freisin.
Tá bhur gcuid ealaíne do-chreidte maith, tá cead agaibh iad a thógáil abhaile inniu ach fág an tac ghorm ar mo bhord le bhur dtoil! Féachaigí ar na pictiúir anseo!
Comhghairdeachas libh, bhí Múínteoir Seán an-sásta leis na póstaeir a dhear sibh le haghaidh “Seachtain an Chairdis” is féidir breathnú orthu anseo!
Míle buíochas Ellen Mia don téacs don 100 WC. Tá an téacs thar barr agus cuirfidh mé ar aghaidh go dtí www.100wc.net anois ar do shon. Maith thú! Is féidir libh scéal Ellen Mia a léamh anseo agus tá míe fáilte roimh scéalta eile inniu nó amárach nó an tseachtain seo chugainn, ní ghá ach iad a fhágáil anseo mar theachtaireachtaí. Seachtain #8
Tá súil agam go mbeidh saoire den scoth agaibh agus Oíche Shamhna scanrúil, sona agus sabháilte ag gach éinne.
Le gach dea-ghuí,
Múinteoir Niamh