Tabhair aire duit féin Carghas 2023 – Daoine Fásta

Posted on

 

The Armful by Robert Frost

An tSeirbhís Cúnaimh d’Fhostaithe i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna aitheanta Folláine le chéile anseo don fhoireann ar fad.

https://wellbeingtogether.spectrum.life/wellbeing/235

Seachtain Mheabhair Shláinte – 5 cheardlann

Cúrsa 7 lá saor in aisce le Moira Geary

 

 

 

 

Tabhair aire duit féin

 

Éiríonn trioblóidí an tsaoil rómhór dúinn in amanna.

Agus cuireann sin isteach ar na daoine thart timpeall orainn.

Agus is minic gur féidir le páistí atá tinn nó tuirseach an scéal a dhéanamh níos measa.

Má tá an duine fásta faoi strus, mothaíonn páistí an strus sin.

Ní féidir le daoine fásta an t-aire is fearr a thabhairt do na páistí muna dtugann siad aire dóibh féin.

Moltar:

  • Am a bheith agat duit féin;
  • Suim a choinneáil i rudaí taobh amuigh den bhaile/den obair;
  • Tacaíocht a lorg ó ghaolta agus cairde agus ó Fholláine le chéile;
  • Sosanna a ghlacadh nuair is féidir agus nuair atá sos de dhíth; agus
  • Aire a thabhairt do do chuid sláinte féin.

Faigh comhairle agus tacaíocht. Ní éiríonn le duine ar bith rudaí a fháil i gceart i gcónaí. Cuidíonn comhrá le cairde/dúinne proifisiúnta le strus a bhainistiú.

Déan cinnte de go mbíonn comhluadar agat,

Má éiríonn rudaí rodheacair, fan socair agus glac sos.

Má tá buairimh an tsaoil ag iarraidh rómhór duit cuir gach rud. ar leathathaobh le deis a thabhairt duit féin anáil a tharraingt agus do chuid smaointe a bhailiú le chéile.

Smaoinigh siar ar a tharla agus cad gur féidir a dhéanamh le nach dtarlóidh sé arís.

Nuair atá tú socraithe suigh síos, is féidir comhrá le daoine eile faoi cad tá ar siúl agus cad é atá tú chun déanamh faoi.

Pé rud a tharlaíonn, déan cinnte go bhfuil a fhios agat féin go bhfuil grá ag daoine duit, fiú nuair a bhíonn rudaí dúshlánach agus deacair.

Más é iompar nó éilimh  a bhíonn mar údar ag na fadhabanna, tá sé tábhacht go leanfar le struchtúir saol.

Chomh tábhacht agus atá struchtúr, in amanna is gá bheith solúbtha.

Nuair a bhímid solúbtha, foghlaimíonn an daoine eile bheith solúbtha.

Curtha in oiriúint ó ábhar Teanga Tí

Buíochas le Teanga Tí https://www.teangati.ie/avada_portfolio/tabhair-aire-duit-fein/

Aireachas as Gaeilge – 6 nod fiúntach don cholainn agus don intinn

 

https://www.bbc.co.uk/programmes/p0965xgg

https://www.bbc.co.uk/programmes/p07rn9z0

https://www.bbc.co.uk/programmes/p07trzxn

 

Póstaeir Cártaí Suaimhnis do Dhéagóirí sa tsraith seo: OTB.ie –

  • Ní hionann smaointe agus fíricí
  • Duine geanúil is ea thú
  • Bíodh grá agat duit féin ar dtús
  • Ní mhairfidh seo
  • Bí cineálta
  • Déan an rud a chreideann tú atá ceart
  • Níl aon duine cosúil leat agus sin do shárchumhacht
  • Is féidir leat tosú arís i ngach nóiméad
  • Níl ann ach an t-am i láthair
  • Ná déan aon rud ach anáil a tharraingt

 


Seachtain na Gaeilge 2023

Posted on

Home

 

Acmhainní

Seachtain na Gaeilge acmhainní iontacha Scoilnet

Frásaí na Seachtaine 2023

Buíochas le Tairseach Cogg

SNAG buíochas le MsNiamhBrady

Acmhainní don Ghaeilge

Comórtais, drámaíocht, imeachtaí, amhráin, ceol, cuairteoirí, rince, stair agus go leor eile ag tarlú i nGaelscoil Chill Dara i Mí an Mhárta 2023.

Acmhainní iontacha don Ghaeilge

Seanfhocail Frásaí Nathanna

 

Seachtain na Gaeilge padlet

 

 

Téama An Ghaeilge raibh amuigh den Ghaelscoil 2023.

Amhrán na Míosa 1

Dílín ó deamhas

Amhrán na Míosa 2

Amhrán na Seachtaine 11.03.2019 Óró sé do bheatha ‘bhaile



Céadaoin an Luaithrigh 21.2.23

Posted on
Buíochas le Múinteoir Valerie a bheidh ag dul timpeall chuig na ranganna leis na luaithreach inniu.
 
Iompaigh ó na peacaí agus éist leis an Dea Scéal. Áiméan
 
Tugtar Céadaoin an Luaithrigh ar an gcéad lá den Charghas.
Is tréimhse 40 lá é an Carghas roimh an Chásic nuair a bhíodh troscadh á ndéanamh againn. Baineann an Carghas leis an am a chaith Íosa san fhásach i ndiaidh d’Eoin é a bhaisteadh san Iordáin. Chaith Sé 40 lá ag déanamh troscaidh agus ag guí. 
 
Fuair Céadaoin an Luaithrigh a ainm as an cleachtadh na luaithrigh a chur ar na héadain mar mheabhrúchán agus ceiliúradh ar mortlaíocht daonna. Caitheann daoine Luaithreach ar a n-éadan i bhfoirm na Croise.  Is iad na luaithrigh dóite atá úsáidte na luaithrigh a bhí cruinnithe tar éis an Domhnach na Pailme an bhliain roimhe.
 
Blianta ó shin níór ith na daoine feoil ar bith don 40 lá!
 
 
“Is troscadh é éirí as an achrann agus an tseanchonspóid, agus an bhfuath;
Is troscadh é do shaol a athrú”
Robert Hennrick
 

Dán deas simplí ó Beo go Deo Rang 2

 

An Carghas

 

Am lóin

Am tae

Am troda

Am plé

Am súgartha

Am suí

Am éirí

Am luí

Am cainte

Am ciúin

Am gnóthach

Am suain

Am brónach

Am maith

Am an ghanntanais

Am sáithe

An Carghas seo.

Go mbeanaí Dia cách

Le am-ar-leith  agus am-mar- is- gnáth


An Carghas 2023 -22.02.23

Posted on

Céadaoin an Luaithrigh 21.2.23

All Education Resources

Trócaire, acmhainní thuas.

Boscaí Trócaire againn do na teaghlaigh go léir, le tógáil ar ais go dtí na Séipéal ag an gCáisc.

An Carghas, cur I láthair álainn le Gaelscoil Riabhach.

PowerPoint Presentations for all classes

 

Níor chuala mé an oiread cainte ar mhilseáin sa teach ariamh nó gur thosaigh an Carghas

https://m.independent.ie/seachtain/tar-eis-na-paindeime-an-mbeidh-fonn-ar-einne-rud-ar-bith-a-chaitheamh-uathu-an-carghas-seo-41408814.html

An Cháisc padlet

 


Ranganna a Sé Litir don Easpag don 22.02.2023

Posted on

Seoladh (ar dheis)

Dáta (ar dheis)

Maidir le (sa lár): Sacraimint an Chóineartaithe 24 Márta 2023

A Easpaig, a chara,

Beatha agus sláinte, ………………………… is ainm dom agus is dalta mé i Rang Niamh, Rang a Sé i nGaelscoil Chill Dara, An Bóthar Glas, Droichead Nua, Co. Chill Dara. Tá mé ag scríobh chugat um cead a fháil glacadh le Sacraimint an Chóineartaithe ar an 24 Márta 2023.

Is buachaill/cailín óg mé agus tá mé aon bhliain déag/ dhá bhliain déag /trí bliana déag daois. Tá mé i mo chónaí i ……………………………………. i gContae Chill Dara agus ag freastal ar Ghaelscoil Chill Dara. Cónaím le mo theaghlach agus tá deartháir/ deirfiúr amháin agam/ tá beirt dheartháir/dheirfiúr agam, Is mise an duine is sine/is óige/sa chlann, tá mé i lár an chlann. Baistíodh mé sa bhliain ………………………. i …………………………… Rinne mé mo Chéad Chomaoineach Naofa i mí Bhealtaine ……………………… agus tá mé ag súil go mór le glacadh le Sacraimint an Chóineartaithe ar an 24 Márta, 2023. Táim ag ullmhú go dian díograiseach le mo theaghlach sa bhaile agus ag an aifreann. Ar scoil táimid ag ullmhú freisin, éisteoidh mé le daoine ó Chuan Mhuire ar an 28ú Feabhra. Chaitheamar Lá Spioradálta i ionad an pharóiste ag guí, ag caint faoin saol agus an tábhacht a bhaineann leis an Spiorad Naomh in ár saol. Rinneamar an Shearmanas an tSolais ar an ??? Márta agus táimid ag ullmhú  don Chóineartú gach lá trí amhrán a chanadh, paidreacha a rá, scéalta ón mBíobla Naofa a léamh agus ealaín a dhéanamh. Chomh maith le sin tá leabhar á chur le chéile faoi ár saol Chríostaí go dtí seo agus eolas don todchaí. Roghnaigh mé ainm cóineartaithe, is é an t-ainm a roghnaigh mé ná ………………………. Is í/é ………………………………………… m’urra don Chóíneartú.

 

Míle buíochas as ucht mo litreach a léamh, ag súil go mór le cloisteáil uait.

Is mise le meas,

…………………………………………………………………………….


Máirt ná hInide 21.2.2023 Lá ná bPancóg

Posted on

Pancóga le Múinteoir Chelsea

Cluiche don Mhata Stack the Pancakes

Cluiche don Mhata Pancake Fractions

Shrove Tuesday Scoilnet

Ways to extend learning Pancake Tuesday Clara Maria Fiorentini

 

11-Máirt na-hInide-FT-R4

meon eile, eola agus Físeán

Ith do dhóthain inniu, Máirt na hInide!

foras ná agaeilge pp

COGG – Pancóga

  1. Lá na bPancóg -Máirt na hInide 25.02.2020 Gaelscoil Chill Dara

    Continue reading »


Aifreann – Lá Fhéile Vailintín 2023

Posted on

An-tAifreann-Naofa-14.02.2023 NUA

Guí An Phobail

Rang a 6 Guímid ar son ár dtuismitheoirí agus ar son Phobal uile na Gaelscoile, go spreagfar iad i gconaí chun Críost a leanúint ar feadh a saoil go léir.
A Thiarna éist linn.
Pobal: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn

Rang a 3 Guímid ar ár son féin, páisti na Gaelscoile , “Glaine inár gcroí, neart inár ngéag is beart de réir ár mbriathar”
A Thiarna éist linn.
Pobal: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn

Rang a 2 Guímíd ar son gach duine a oibríonn inár scoileanna. A Dhia, iarraimid ort muid a bheannú agus ár gcroíthe a oscailt roimh do ghrá.
A Thiarna éist linn
Pobal: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn

Rang a 6  Guímid ar son síocháin buan le ceart agus cóir ar fud an domhain ach go háirithe in ár dtír féin agus sna tíortha ina bhfuil cogaidh ar siúl faoi láthair
A Thiarna éist linn
Pobal: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn

 

Múinteoir – Guímíd ar son na marbh. A Thiarna, tabhair cúnamh do na daoine atá imithe uainn as an saol seo, ár gcairde agus ár ngaolta ach go háirithe An tAthair Mac Gréil, iar-séiplíneach na Gaelscoile. Iarraimíd ort sólás na bhflaitheas a thabhairt dóibh.
A Thiarna éist linn
Pobal: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn

 

PO Niamh  – Guímid ar son na ndaoine a maraíodh, a gortaíodh agus atá ag fulaingt sa Túirc agus sa tSiairia de dheasca na creathanna talún an tseachtain seo caite.
A Thiarna éist linn
Pobal: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn



Skip to toolbar