Mí na Samhna – Mí na Marbh

Posted on

Paidir

 

“Suaimhneas síoraí tabhair díofa, a Thiarna,

agus go soilsí solas suthain orthu.

Go bhfaighe anamacha na bhfíréan uilig, s

uaimhneas síoraí trí thrócaire Dé. Áiméan.

Ceannaire: Guímis ar son na marbh. Is é an freagra ná: ‘Go lonróidh solas Chríost anuas orthu’.
Cách: Go lonróidh solas Chríost anuas orthu.
Léitheoir 2: Ar son na seantuismitheoirí ar fad a fuair bás. (Freagra)
Léitheoir 3: Ar son na dtuismitheoirí ar fad a fuair bás. (Freagra)

Léitheoir 4: Ar son na múinteoirí agus baill fhoirne eile na scoile seo a fuair bás. (Freagra)
Léitheoir 5: Ar son na sagart agus pobal an pharóiste a fuair bás. (Freagra)
Léitheoir 6: Ar son na ndaoine a fuair bás gan duine ar bith a chuimhneodh orthu. (Freagra)
Léitheoir 7: Ar son na ndaoine atá luaite ar an gCrann Cuimhneacháin. (Freagra)
Ceannaire: Tuigimid go maith go mbíodh Íosa de shíor ag guí chun an Athar ar Neamh. D’iarr sé orainne
guí chun Dia ár nAthair chomh maith. Mar sin, de réir mar a dúirt Íosa, tá sé de mhisneach againne a rá:
Cách: Ár nAthair…
Ceannaire: A Dhia grámhar, gabhaimid buíochas leat as na daoine muinteartha linn a fuair bás, agus as
an saothar a rinneadar inár measc. Go dtuga tú sólás do na daoine sin atá go mór ina ndiaidh. Go mbeidh
cuimhne againn i gcónaí ar an ngealltanas a thug tú dúinn go n-athaontófar ar neamh lena chéile sinn
amach anseo. Cuirimid ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Cách: Amen.
Léitheoir 8: Go dtuga Dia tacaíocht dúinn ar feadh an lae; chomh fada leis an gclapsholas agus le titim
na hoíche, go dtí go dtagann ciúnas ar domhan, go dtí go mbíonn brú an tsaoil thart agus ár gcuid féin
déanta againn. Deonaigh go mbronnfar tearmann trócaireach i bhfochair Chríost orainn, ionas go mbeidh
síocháin is suaimhneas ar dheaslámh Dé go síoraí ar neamh againn.
Ceannaire: In Ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh.
Cách: Amen.

 

https://www.catholicschools.ie/wp-content/uploads/2019/10/CSW2020-November-Moment-Primary-IRISH.pdf

 

http://www.cumannnasagart.ie/deasghnatha-na-marbh.html


Oíche Shamhna 2022 scéin ‘s scanradh.

Posted on

ALTRAM scéalta

Gaeloideachas Oíche Shamhna

9

Buíochas le Julie Anne De Brún

Halloween Songs & Dance Videos for Toddlers

Oíche Shamhna – Tionól 18.10.2019

Oíche Shamhna 2019

 

Oíche Shamhna – Dán buíochas le Múinteoir Esther

Oíche Shamhna 2017 Naíonáin

Padlet COGG

Ár dTeanga, Ár bPobal

An Damhán Alla agus an Mhíoltóg
Dúbhglas de hÍde (1860 – 1949)
’Sé dúirt damhán alla le míoltóigín lá:
‘Ó! tar liom abhaile, a chréatúirín bhreá;
Tá grian gheal an tsamhraidh ag damhsa ar mo theach,
Tá ithe ’gus ól ann — nach dtiocfá isteach?’
Dúirt an créatúr míchéillí ag féachaint isteach:
‘Is tú croí na féile, is breá é do theach:
Ach deirtear go mbíonn tú ag ithe ’s ag ól
Míoltóigíní mar mise, idir fhuil agus fheoil’.
Dúirt an damhán alla — is é a bhí glic,
‘Is bréag mhór, dar m’anam, an scéal sin, a mhic:
Tá caoireoil, tá mairteoil, tá bainne anseo,
Is an té a bheadh marbh dhéanfaidís beo.’
Bhí an créatúirín meallta le comhrá mar sin,
Dúirt sé, ‘Tá mé sásta, mar tá tú chomh binn;
Ach ní fhanfaidh mé fada.’ Chuaigh sé isteach,
Ach níor chuala mé fós gur tháinig amach.


Tionól 10.10.2022

Posted on

1. Paidreacha le bheith ar eolas do ghlanmheabhair

Teachtaireacht ón Athair Ruairí, tá sibh Precious, Honoured and Loved.

 

Tá sibh muirneach, uasal agus ionúin.

Paidir nua le foghlaim

 

 

2. Lá Domhanda an Mheabhairshláinte

Tionól 1 labhraíomar faoi aire a thabhairt dod’ chorp, inniu labhróimid faoi aire a thabhairt dod’ mheabhairshláinte/sláinte intinne, d’intinn agus do spiorad.

 

RTE kids 1

RTE kids

 

3.Amhrán na Míosa

Amhrán na Míosa MF -Amhrán na bhFiann

 

4.Clár an Chineáltais

Físeán agus ceisteanna thíos

Discussion Points for Students after Video:
 Being caring to other people builds a happier brain.
 When I am practising being caring in school, this helps me feel like I am
part of my school community.
 Being caring is good for thinking good thoughts.
 I worry less, if I am more caring -The more caring I am, the healthier I am.

5. Frithbhulaíocht

Phléamar sábháilteacht ar líne agus Riail Mhamó.

Webwise Rang Ranganna 1-6

Get Resources

comórtas

Dear póstaer lth A4 – Téama

Ranganna 2-6

Dáta Deiridh 19.10.22

LE CHÉILE in éadan na bulaíochta

Nó Roghnaigh cineáltas i gcónaí

 


Tionól 10.10.2022

Posted on

9.15-9.50 Ranganna 6 sa halla (MTF le Múinteoirí Ranga 6)

9.50-10.20 Rang 2 (MTF as láthair)

 

11.05-11.35 Rang 1 sa halla (MTF as láthair)

11.30 Cian/Zoe Cáit/Eunice

11.40-11.50 Peileadóirí go dtí an halla

11.55-12.25 Ranganna 3 agus 4 sa halla (MTF as láthair)

 

1-1.40 Naíonáin Mhóra I Rang Jenny (MTF as láthair)

1.45-2.20 Rang 5 sa halla MTF le Múinteoirí Rang 5

Halla réidh don chór anocht.