Auld Lang Syne as Gaeilge

Posted on

 

 

Auld Lang Syne

Ó bhun go barr na tíre

‘s ar fud an domhain seo beidh

Na Gaeil ag casadh lámh le lámh

ar oíche Auld Lang Syne

Curfá

Ar oíche Auld Lang Syne seo muid,

ar oíche Auld Lang Syne

Ag casadh amach anocht le bród

ar oíche Auld Lang Syne

Ó Mhumha go Gaillimh

‘s ar aghaidh ó Thuaidh agus fud

fad Chúige Laighean

Beidh glór an Daingin buailte libh

ar oíche Auld Lang Syne





Bliain na Gaeilge 2018

Posted on

** Clár Ildánach na Scoileanna
Le linn Bhliain na Gaeilge, beidh níos mó deiseanna ná riamh do scoileanna leis an nGaeilge a chur chun cinn agus a cheiliúradh, trí Chlár Ildánach na bliana do scoileanna. Idir fhéilire d’imeachtaí, comórtais agus tionscadail don scoil ar fad, beidh neart bealaí le páirt a ghlacadh.

Tá trí ghné éagsúl den chlár trínar féidir le daltaí agus foireann na scoile araon páirt a ghlacadh, agus iad ar fad bunaithe ar an téama ‘Tionchar na Gaeilge ar mo shaol féin nó/agus i mo bhaile féin’.

Féach thíos le tuilleadh eolais a fháil.

I ndiaidh na Nollag seolfar pacáiste go gach scoil ina mbeidh ábhair agus eolas ar an mbliain ann. Is féidir aon cheist a chur go bnag@cnag.ie

============================================================
Auld Lang Syne as Gaeilge
Chun tús ceolmhar a chur leis an mbliain, tá Auld Lang Syne aistrithe go Gaeilge againn. (Féach na liricí thíos). Chun cabhrú libh, is féidir éisteacht leis ** anseo (https://cnag.us8.list-manage.com/track/click?u=1462dd2c41de78c20e0c95f3c&id=ea9fb44298&e=1296a3ba0f)

Bainigí sult as – agus coimeád súil ar ár leathanaigh ar na meáin shóisialta Oíche Chinn Bliana le leagan speisialta de a fheiceáil! #Gaeilge2018

 

 




Naíonáin Bheaga 11.12.2017 S Séimí sásta

Posted on

Sailí agus an Sop Féir  – 9 s Mar a déarfá

Sailí agus an Sop Féir

Spraoi ar Scoil

Sean-Séimí
Sean-Séimí, Sean-Séimí,
’Sé an cat mór liath.
Na luchóga beaga,
Ar thóir a chuid bia.
‘Ssshhhhh’, arsa na luchóga.
‘Sssss’, a deir sé,
‘Bailígí libh,
’Sé seo mo chuid tae!’

S

Sásta – sona – súil – scuab – Sam – spéaclaí – spideog – solas – salach

 

S – sh

Séimí – Seán – sneachta – seilide – sleamhnán – seacláid


Beannachtaí na Nollag – Bualadh Bos

Posted on

Nollaig Shona!

Nollaig mhór mhaith duit!

Nollaig faoi shéan agus faoi mhaise duit!

Nollaig Shona agus Athbhliain faoi Shéan agus faoi Shíocháin daoibh.

 

Bualadh bos, bualadh bos, bualadh bos go léir.

Tá Daidí na Nollag ag teacht anois, anuas an simléar.

Bualadh bos, bualadh bos, bualadh bos go léir.

Tá Daidí na Nollag ag teacht anois, anuas an simléar.

Tá an Nollaig buailte linn,

Tá áthas ins an aer,

Tá sneachta ar an talamh,

Tá réaltaí ins an spéir.  

Tá muid ag dul a chodladh ‘s tá ár stocaí réidh,

Tá Daidí na Nollag ag teacht anois,

Anuas an simléar.

 

Bualadh bos, bualadh bos, bualadh bos go léir.

Tá Daidí na Nollag ag teacht anois, anuas an simléar.

Bualadh bos, bualadh bos, bualadh bos go léir.

Tá Daidí na Nollag ag teacht anois, anuas an simléar.

 

A Dhaidí, brostaigh ort,

‘s cuir do mhála síos.

Líon suas na stocaí beaga le féiríní arís.

Is mithid duit imeacht suas an simléar.

Tá páistí beaga ag fanacht leat i ngach aon áit faoin spéir.

 

Bualadh bos, bualadh bos, bualadh bos go léir.

Tá Daidí na Nollag ag teacht anois, anuas an simléar.

Bualadh bos, bualadh bos, bualadh bos go léir.

Tá Daidí na Nollag ag teacht anois, anuas an simléar.