Carghas 2020 – 26.02.2020

Posted on

Carghas 2020

Geallaim ………………………………….. go mbeidh mé ag éirí as an achrann, as an tseanchonspóid, as an bhfuath agus ………………………………………………………………………………………. ………………………………………………………………………………………… i rith an Charghais 2020.

 

Sínithe:……………………………………………………  Dáta: ……………………………………………………..

“Is troscadh é éirí as an achrann agus an tseanchonspóid, agus an bhfuath; Is troscadh é do shaol a athrú” (Robert Herrick – To Keep a True Lent)

 

Tosaíonn an Carghas ar an gCéadaoin 26 Feabhra 2020, tá acmhainní den scoth ar fáil ó Trócaire. Is féidir iad a fháil buíochas le Trócaire 2020 anseo!

Caomhnaigh an bhuanghrá agus an ceart.

2019 anseo!

Tá trí nithe ann atá buan, más ea, creideamh dóchas agus grá, ach is é an grá an ní is mó orthusan. 1 Corantaigh 13:13

2018 anseo! GO SÁRÓIDH AN GRÁ AN EAGLA


Céadaoin an Luaithrigh 26.02.2020

Posted on
Buíochas le Múinteoir Martina a bheidh ag dul timpeall chuig na ranganna leis na luaithreach.
Iompaigh ó na peacaí agus éist leis an Dea Scéal. Áiméan
 
Tugtar Céadaoin an Luaithrigh ar an gcéad lá den Charghas.
Is tréimhse 40 lá é an Carghas roimh an Chásic nuair a bhíodh troscadh á ndéanamh againn. Baineann an Carghas leis an am a chaith Íosa san fhásach i ndiaidh d’Eoin é a bhaisteadh san Iordáin. Chaith Sé 40 lá ag déanamh troscaidh agus ag guí. 
 
Fuair Céadaoin an Luaithrigh a ainm as an cleachtadh na luaithrigh a chur ar na héadain mar mheabhrúchán agus ceiliúradh ar mortlaíocht daonna. Caitheann daoine Luaithreach ar a n-éadan i bhfoirm na Croise.  Is iad na luaithrigh dóite atá úsáidte na luaithrigh a bhí cruinnithe tar éis an Domhnach na Pailme an bhliain roimhe.
 
Blianta ó shin níór ith na daoine feoil ar bith don 40 lá!
 
 
“Is troscadh é éirí as an achrann agus an tseanchonspóid, agus an bhfuath;
Is troscadh é do shaol a athrú”
Robert Hennrick
 

Dán deas simplí ó Beo go Deo Rang 2

 

An Carghas

 

Am lóin

Am tae

Am troda

Am plé

Am súgartha

Am suí

Am éirí

Am luí

Am cainte

Am ciúin

Am gnóthach

Am suain

Am brónach

Am maith

Am an ghanntanais

Am sáithe

An Carghas seo.

Go mbeanaí Dia cách

Le am-ar-leith  agus am-mar- is- gnáth


Lá na bPancóg -Máirt na hInide 25.02.2020 Gaelscoil Chill Dara

Posted on

Ár mbuíochas ó chroí le CnadT a bheidh linn inniu ó 9.30 agus 12.00 ag déanamh pancóg dúinn!

https://www.scoilnet.ie/go-to-primary/theme-pages/religion/pancake-tuesday/

COGG – Pancóga

Meon eile !

Inniu Máirt na hInide.

 

Tugtar Máirt na hInide ar an Máirt roimh an gCarghas. Tugtar ‘Lá na

bPancóg’ ar an lá sin freisin. Ón Laidin a thagann an focal Gaeilge ‘inid’.

‘Tús an Charghais’ atá i gceist le ‘inid’.

Tugtar Máirt na hInide nó Lá na bPancóg ar an lá roimh Chéadaoin an Luaithrigh, an lá deireanach den ghnáthbhia roimh throscadh an Charghais.
 
Oideas don phancóga
Cómhabhair:
Plúr bán
Uibheacha
Bainne
Salann
 
Trealamh:
Friochtán
Babhla
Crúiscín
Pláta agus forc
 
Modh:
1. Cuir an plúr isteach sa bhabhla.
2. Bris ubh agus cuir isteach sa bhabhla é.
3. Doirt isteach an bainne agus cuir an salann isteach freisin.
4. Measc na comhábhair le chéile.
5. Doirt an meascán isteach i gcrúiscín.
6. Cuir im ar an bhfriochtán agus go cúramach doirt an meascán ar an bhfriochtán.
7. Caith an phancóg suas san aer agus cas an phancóg.
8. Cuir an phancóg ar do phláta nuair atá sí réidh agus bain taitneamh aisti!

 

 



07.02.2020 Tionól Ranganna 3,4,5,6

Posted on

Paidir Chun Bríde Naofa

 

A Bhríd, a Mhuire na nGael,A Bhríd,

scaoil tharam do bhrat,

agus coinnigh faoi do chumhdach mé

go mbeidh mé leat i bhFlaitheas Dé.

 

Naomh Bríd tuairisc.ie

Naomh Bríd agus an tEarrach RTE

 

A Mhuire na nGrás                  

A Mhuire na nGrás

A Mháthair Mhic Dé

Go gcuire tú

ar mo leas mé.

 

Go sabhála tú mé

Ó gach uile olc.

Go sabhála tú mé

Idir anam is corp.

 

Go sabhála tú mé

Ar mhuir is ar tír,

Go sabhála tú mé

Ar lig na bpian.

 

Gárda na naingeal

Os mo chionn

Dia romham

agus Dia liom.

 

 

Lá na Sábháilteachta idirlín Máirt 11.02.2020

Riail Mhamó

Gealltanas 2020 don Charghas

3. What can I trust online?

Gaeilgeoirí na Seachtaine