Nuair a céasadh Íosa Críost
Ar Chalvaire Dé hAoine,
Bhí a chairde bochta brónach,
Bhí chuile dhuine ag caoineadh.
Thógadar anuas É,
Go cúramach den chros,
Chasadar línéadach
Go néata ar a chorp.
Leagadar ansin É
Sa tuama gránna gruama,
D’fhágadar leis féin É
Agus leac i mbéal an tuama.
Bhí beirt bhan ar Chalvaire,
Ar faire ar chrann na Páise,
Nuair a bhásaigh Íosa Críost,
Chaoinigh an bheirt go cráite.
D’éirigh an dá Mhuire seo
Ar maidin moch Dé Domhnaigh,
Tháinig siad de rite reaite
Aníos go dtí an tuama.
Rith siad chuig an tuama
Ar maidin leis an lá,
Go tobann chreathnaigh an talamh
Agus scanraigh sé na mná.
Bhí aingeal ag an tuama,
Dúirt sé leis na mná:
‘Níl Íosa anseo níos mó,
D’aiséirigh Sé ón mbás.’
D’fhágadar an tuama,
Bhí áthas ina gcroí,
‘Tá Íosa beo, nach iontach é;
D’éirigh Sé arís!’
Go tobann casadh fear orthu,
Is é Íosa a bhí ann,
‘Dia daoibh,’ a dúirt Sé leo,
Bhí ríméad ar na mná.
Chuile bhliain san earrach,
Ceiliúraimid an Cháisc,
Bíonn an grian gheal ag scalladh
Agus nóiníní ag fás.
Bíonn fáinleoga ag filleadh,
Bíonn smólach ar an gcrann,
Bíonn féileacáin sa gharraí,
Bíonn chuile shórt faoi bhláth.
Moladh le Dia, nach iontach,
Tháinig Íosa ar an saol,
Fuair Sé bás, d’aiséirigh Sé
Le go mairfimis arís!
Moladh le Dia, nach iontach,
Cuimhnigí ar an rudaí deasa
A d’fhoghlaim muid faoin gCáisc,
Scríobhaigí na smaointe
Ar na línte seo mar dhán:
Thug Dia an tAthair
a Aonmhac féin,
Shábháil Sé muid ón bpeaca,
Anois tá an Bheatha
Shíoraí againn,
Má chreidimid san Athair.