- An-tAifreann-Naofa-14.02.2023
-
Canaimís Duit a Bhríd
Curfá
Canaimís duit a Bhríd Naofa
A bheireann an tEarrach leat
Crann is bláth ag fás arís
Canaimís duit a Bhríd.
1.
Leag sí a clóca ar an talamh
D’fhás is mhéadaigh sé
Ar nós an ghrá a bhí ag Bríd
Do Dhia is don saol.
Curfá
2.
Chaith sí leis na boicht go fial,
D’oscail sí a croí,
D’oscail sí a croí go lách –
Céad moladh dhuit a Bhríd!
Curfá
Freagra
Mo ghrá Thú, a Thiarna
Mo neart Thú
Mo ghrá Thú, a ThiarnaMo Dhia Thú mo charraig is mo dhídean
Mo sciath, adharc mo shlánaithe, mo dhún
Glaoim ar an Tiarna dar dIeacht moladh
Agus déarta mo shaoradh ó mo naimhdeFreagra
Go maire an Tiarna, is é mo charraig É
Go raibh Dia mo Shlánaitheoir á mhóradh
Thug sé caithréim an dá Rí
Agus nocht sé a ghrá dá ungthachFreagra
Guí An Phobail
Rang a 6 Guímid ar son ár dtuismitheoirí agus ar son Phobal uile na Gaelscoile, go spreagfar iad i gconaí chun Críost a leanúint ar feadh a saoil go léir.
A Thiarna éist linn.
Pobal: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn
Rang a 3 Guímid ar ár son féin, páisti na Gaelscoile , “Glaine inár gcroí, neart inár ngéag is beart de réir ár mbriathar”
A Thiarna éist linn.
Pobal: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn
Rang a 2 Guímíd ar son gach duine a oibríonn inár scoileanna. A Dhia, iarraimid ort muid a bheannú agus ár gcroíthe a oscailt roimh do ghrá.
A Thiarna éist linn
Pobal: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn
Rang a 6 Guímid ar son síocháin buan le ceart agus cóir ar fud an domhain ach go háirithe in ár dtír féin agus sna tíortha ina bhfuil cogaidh ar siúl faoi láthair
A Thiarna éist linn
Pobal: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn
Múinteoir – Guímíd ar son na marbh. A Thiarna, tabhair cúnamh do na daoine atá imithe uainn as an saol seo, ár gcairde agus ár ngaolta ach go háirithe An tAthair Mac Gréil, iar-séiplíneach na Gaelscoile. Iarraimíd ort sólás na bhflaitheas a thabhairt dóibh.
A Thiarna éist linn
Pobal: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn
PO Niamh – Guímid ar son na ndaoine a maraíodh, a gortaíodh agus atá ag fulaingt sa Túirc agus sa tSiairia de dheasca na creathanna talún an tseachtain seo caite.
A Thiarna éist linn
Pobal: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn
- 2. Amhrán:
Curfá:
Chuile Náisiún ar an domhan, Mol an Tiarna a chruthaigh duinn
An réalt is mó, an bláth is lú, Aililiúia.
1:
Moladh na Flaithis an Tiarna, Aililiúia
Gealach is réaltaí, Mol an Tiarna, Aililiúia.
Curfá:
Chuile Náisiún ar an domhan, Mol an Tiarna a chruthaigh duinn
An réalt is mó, an bláth is lú, Aililiúia.
2: Sléibhte faoi shneachta, mol an Tiarna, Aililiúia.
Cnoic is gleannta, mol an Tiarna, Aililiúia.
Curfá:
Chuile Náisiún ar an domhan, Mol an Tiarna a chruthaigh duinn
An réalt is mó, an bláth is lú, Aililiúia.
3. Duibheagán aigéin, mol an Tiarna, Aililiúia.
Bradán éadrom, mol an Tiarna, Aililiúia.
Curfá:
Chuile Náisiún ar an domhan, Mol an Tiarna a chruthaigh duinn
An réalt is mó, an bláth is lú, Aililiúia.
4. Leoin ag buiríl, mol an Tiarna, Aililiúia.
Éin ag cantain, mol an Tiarna, Aililiúia.
Curfá:
Chuile Náisiún ar an domhan, Mol an Tiarna a chruthaigh duinn
An réalt is mó, an bláth is lú, Aililiúia.
5. Ríthe is prionsaí, mol an Tiarna, Aililiúia.
Óg is aosta, mol an Tiarna, Aililiúia.
Siúl i Solas Dé
Tagaimís le chéile os comhair an Rí,
Siúl, siúl i solas Dé.
Agus canaimis le chéile le grá ‘nár gcroí,
Siúl, siúl i solas Dé.
Siúl i Solas Dé, Siúl i Solas Dé, Siúl i Solas Dé,
Siúlaimis i Solas Dé.
Is guímid le chéile dár nAthair thuas
Siúl, siúl i Solas Dé,
Go gcuire sé a chabhair anuas
Siúl, siúl i Solas Dé,
Siúl i Solas Dé, Siúl i Solas Dé, Siúl i Solas Dé,
Siúlaimis i Solas Dé.