08.05.2020

Posted on

A Thuismitheoirí, a chairde,

 

Conas atá sibh? Ba mhaith liom a chur i gcuimhne daoibh go bhfuilimid mar fhoireann ag smaoineamh oraibh mar phobal na scoile i gcónaí. Ba mhaith linn ár bpaidreacha agus tacaíocht a sheoladh chuig éinne atá faoi bhrón nó tinn agus ba mhaith linn ár bpaidreacha agus gach dea-ghuí a sheoladh chuig éinne atá ag céiliúradh dea-scéala. Táimid ag smaoineamh go speisialta faoi na páistí i Ranganna 6 nach mbeidh ag freastal ar an scoil arís mar dhaltaí scoile agus iar-scoláirí na scoile atá chomh trí na chéile faoin Ardteist. Ár gcomhairle. tóg lá amháin ag an am agus bain taitneamh as na rudaí go feidir leat, comhairle mo mham, níl in aon rud ach seal. Táimid ag smaoineamh oraibh go léir!

How are you all? I would like to take this opportunity to remind you that we as a school staff are thinking of you all. We would like to send our prayers and support to anyone who is suffering from a loss or illness and also our prayers and good wishes to anyone who is celebrating good news. We are thinking especially of our Rang 6 children who will not return to GSCD as students again and our part pupils who are so upset and unsure with regard to the Leaving Certificate. Our advice for all our students, past and present ( over 1,400 of them!) is to take each day at a time, enjoy what you can and my mum’s advice, this too will pass. We are thinking of you all!

 

A leithéid de sheachtain, tá a fhios againn anois go cinnte nach mbeidh na páistí ag teacht arais go seomraí na scoile roimh laethanta saoire an tSamhraidh agus táimid croíbhriste.Braithimid uainn na páistí Sin é!

Tá go leor ceisteanna nach féidir liom a fhreagairt faoi láthair ach is féidir liom a rá: Tá foireann na scoile ag leanúint ar aghaidh ag obair agus ag tacú libh agus leis na páistí. Táimid ag leanúínt ar aghaidh leis na gníomhaíochtaí foghlama sa bhaile. Thug sibh go leor moltaí iontacha dúinn sa suirbhé agus táimid ag glacadh leo agus leanfaimid ar aghaidh ag cur leis na gníomhaíochtaí. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil libh freisin do na focail an-chineálta, táimid an-bhuíoch.

What a week, we now know for certain that the children will not be returning to our classrooms before the summer holidays and we are heartbroken. We  miss them! 

There are lots of questions which I cannot answer at present however I can confirm: We, the school staff will continue to work with and for the children and support you. We will be continuing with the home learning activities and everything else. You gave us lots of wonderful advice and feedback in the survey and we are taking it into account as we plan future activities. I would like to say thank you for your kind words, we really appreciated them.

Ná déanaigí dearmad @gaelscoilchilldara2019       muinteoiri@gaelscoilchilldara.com 

 

Le do thoil faigh eolas thíos faoi na buaiteoirí den chomórtais agus comórtais nua. Beidh mé ag caint leis na páistí arís maidin Luain. NB Tá nóta sa bhreis imithe chuig Ranganna 2 agus Ranganna 6.

Please find below information about competition winners and the new competitions. I will be talking to the children on Monday morning, NB Ranganna 2 agus 6  -an extra note has been sent

Ná déanaigí dearmad @gaelscoilchilldara2019       muinteoiri@gaelscoilchilldara.com

.


Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *