Ceol agus Gaeilge
Léiriú – Amhránaíócht
amhráin agus séiseanna aithnidiúla ó fhoinsí eile a aithint agus a chanadh
- rainn agus amhráin do pháistí
- rainn Ghaeilge
- gníomhamhráin
- cluichí agus amhráin chlóis nó sráide
- foinn phobail ón teilifís agus ón raidió
amhráin agus rainn a léiriú le tuiscint do ríalú dianamaice (glórach/bog) nuair a oireann sé
- amhránaíocht bhog shéimh do shuantraí
- amhránaíocht ghlórach fhuinniúil d’fhonn máirseála nó do ghníomhamhrán
- An maith libh rock n roll?
“Cad atá uait, a Rebecca,
Istigh sa siopa ceoil?”
“Ba mhaith lion giotár leictreach,
Mar is breá liom rock and roll.”
“Seo duit do ghiotár leictreach.
Caoga euro, le do thoil.
Anois, bain díot do chóta
Agus seinn dom rock and roll.”
“Is liomsa an giotár leictreach.
Éistigí le mo cheol.
Canfaidh mé amhrán daoibh –
An maith libh rock and roll?”
“Cad atá uait, a Rebecca,
Istigh sa siopa ceoil?”
“Ba mhaith lion giotár leictreach,
Mar is breá liom rock and roll.”
(faoi dhó).
Dominic Ó’Braonáin.
2. Nua – An Aimsir – amhrán – d’aon ghuth
Feicim an ghrian ag taitneamh sa spéir,
Feicim an ghrian ag taitneamh sa spéir,
Is iontach é nuair a fheicim an ghrian
Ó feicim an ghrian ag taitneamh sa spéir
Cliosim an ghaoth ag séideadh sna crainn,
Cloisim an ghaoth ag séideadh sna crainn
Is iontach é nuair a chloisim an ghaoth
Ó cloisim an ghaoth ag séideadh sna crainn.
Seolann na scamaill trasna na spéire,
Seolann na scamaill trasna na spéire,
Ó is iontach é nuair a fheicim na scamaill,
Ó seolann na scamaill trasna na spéire ,
Cloisim an ghaoth ag séideadh sna crainn,
Feicim an ghrian ag taitneamh sa spéir.
3. An Bháisteach – dán – séideán sí
Tá an bháisteach ag titim,
Ag titim go trom,
Ach níl sí ag titim
Anuas ar mo cheann.
Ní maith liom an bháisteach
Mar fliuchann sí mé,
Is bímse istigh
Ar feadh an lae.
Hurá táim sona sásta
Ag spraoi amuigh faoin aer.
4. Bhí Máirtín Amuigh
Bhí Máirtín amuigh,
San oíche dhubh.
Bhí an bháisteach ag titi,
Anuas go tiubh.
Ní shásódh an saol é,
Go mbeadh sé amuigh,
Go rachaidh sé I lochán
Go básta
5. An Bháisteach – dán – séideán sí
Tá an bháisteach ag titim,
Ag titim go trom,
Ach níl sí ag titim
Anuas ar mo cheann.
Ní maith liom an bháisteach
Mar fliuchann sí mé,
Is bímse istigh
Ar feadh an lae.
Hurá táim sona sásta
Ag spraoi amuigh faoin aer.
6. Ag cur báistí arís
Ag cur báistí arís,
Ní stopann sé ag cur báistí
Ó cá bhfuil an ghrian?Fan nóiméad Ordóga amach
Rostaí le chéile Uillinneacha isteach
Tóin amach Cliabh amach
Cos amach smig isteach
Súile dúnta Teanga amach
Arú cha cha, arú cha cha, arú cha cha cha
Arú cha cha, arú cha cha, arú cha cha cha
- a c(h)ion féin d’idéanna a chur i láthair i dtaobh siopadóireacht
- mar dhaoine atá ag dul go dtí an t-oileán, abair na rainn agus na hamhráin a shásóidh an bádóir agus cuidiú le daoine eile a shocrú conas ab fhearr bealach trasna na dtonnta a aimsiú go slán sabháilte
Ealaín
Tógáil – tógálacha a dhéanamh
struchtúir shamhaileachta a dhéanamh
-
- boscaí móra a chothromú ar a chéile chun struchtúr shamhlailteacha a dhéanamh
- boscaí agus píosaí polaistiréine a úsáid chun áitreabh samhailteach a dhéanamh
- bréagán samhailteach a dhéanamh (m.sh. bosca mór a úsáid chun clogad spáis nó hata cóisire a dhéanamh)
- staibíl a dhéanamh chun líne agus cruth a iniúchadh i struchtúr
Ab bord athchúrsála, lego, mobilo, technico, brící adhmaid agus liathróidí
Líníocht – líníócht a dhéanamh
turgnamh le marcanna a dhéanamh le huirlisí éagsúla líníochta ar raon de dhromchlaí
- úbarnach, smeartha, griothalach, criáin an-éadrom, an-dorcha, pinn luaidhe boga, cailceanna, páipéir uigeacha – bog/crua – garbh/mín
líne agus cruth mar a fheictear iad in earraí nádúrtha agus in earraí saotharaithe a fhionnachtáin agus a tharraingt gur féidir cruthanna a dhéanamh le línte
- líne i gclocha, i nduilleoga, in iornaí snátha
- rud cuarach, mór, beag, simplí, rud a bhfuil corr dhíreach air, cruthanna casta
- iasc, ochtapas, créatúir na farraige
Tíreolaíocht agus Gaeilge
Imshaoil nádúrtha – an aimsir
saghasanna ilghnéitheacha aimsire a bhreathnú agus a phlé agus feidhm a bhaint as stór focal simplí
- laethanta báistí, laethanta grianmhara, laethanta ceomhara
torthaí bhreathnóireacht na haimsire a chlárú agus feidhm á baint as cairt aimsire nó as dialann
éirí feasach ar roinnt den tionchar a bhíonn ag saghsanna éagsúla aimsire ar an mbeatha dhaonna agus ainmhíoch agus ar fhásra san imshaol áitiúil
oiriúnacht saghsanna éagsúla éadaigh do shaghsanna éagsúla aimsire a phlé
a aithint go mbaineann patrúin áirithe aimsire le hathruithe séasúracha; an samhradh agus an geimhreadh a idirdhealú.
Matamaitic
Luathghníómhaíochtaí matamaiticiúla – cur in ord, rangú, meaitseáil a dhéanamh
gníomhaíochtaí le fíor earraí, pionnaí, cnaipí, naisc, bréagáin éagsúla
Uimhreas – anailís uimhris – uimhriú
Umhreacha 1-5 a scríobh, a chur in ord
- tacair a mheaitseálann uimhir a chur i láthair agus a mhalairt de dhóigh
- áiritheoirí nó nithe eile a úsáid chun uimhirphatrúin a chumadh
- uimhreacha a líniú le crián tiubh agus le pinn luaidhe
an líón rudaí, 1-5 i dtacar a insint le sracfhéachaint
- an líon rudaí i dtacar a insint le sracfhéachaint
- meastachán a dhéanamh agus tacar atá ar eolas á úsáid
gníomhaíohtaí le díslí
Matamaitic agus Eolaíocht
Tuiscint ar choincheap toillidh a fhorbairt trí iniúchadh agus trí fhoclór cuí a úsáid
- lán/beagnach Ián/folamh/toilleann breis
- ann/toilleann níos lú ann/toilleann an méid céanna iontu
- soithigh atá éagsúil ó thaobh méid a líonadh agus a fholmhú; é a phlé
- soithigh a úsáid chun soithigh atá níos mó ná iad féin a líonadh
Soithigh a chur i gcomparáid lena chéile ó thaobh toillidh
- soithigh éagsúla a úsáid; é a phlé
- béim a chur ar gurb ionann lán agus lán go barr
- fadhbanna simplí a chur i láthair:
- an dóigh leat go dtoilleann níos mó gainimh sa phróca nó sa chupán?
- an dtoillfidh an t-uisce go léir atá sa chrúsca cupán?
Tomhais – Toilleadh = Measures – Capacity
Lán/ beagnach lán/ folamh = Full, Nearly Full, Empty
Toilleann breis ann/toilleann níos lú ann/toilleann an méid céanna iontu = Holds more, Holds less, Hold as much as
Eolaíocht agus Matamaitic
Fuinneamh agus Fórsaí – Fórsaí
mar a obraíonn fórsaí ar rudaí a iniúchadh
- turgnaimh a dhéanamh le hábhair éagsúla
- rudaí a shnámhfaidh agus rudaí a rachaidh faoi uisce a ghrúpáil
- rudaí a shá faoi uisce
OSPS agus Stair
Mise agus daoine eile – Mise agus mo theaghlach –
na daoine a chomhdhéanann teaghlach a aithint agus a ainmniú agus a thuiscint nach mar a chéile gach aonad teaghlaigh
- deartháir nó deirfiúr, tuismitheoir, caomhnóir, seanathair nó seanmháthair, gaol, mamó, daideo, mamaí, daidí
na rudaí a dhéanann teaghlaigh le chéile a iniúchadh
- ag comhrá, ag ithe, ag obair, ag taisteal, ag siopadóireacht, ag súgradh, ag glacadh páirt i ngníomhaíochtaí scíthe le chéile
Stair
Mise agus mo mhuintir – Mo mhuintir
eolas a bheith aige/aici ar bhaill a mhuintire agus a bheith in ann iad a aithint
fianaise simplí a bhailiú
- grianghraif/pictiúr a tharraingt de bhaill na muintire
- Crann chlainne/Craobh Ghinealaigh
Corp Oideachas agus Eolaíocht
Cluichí – Cluichí a cheapadh agus a imirt
cluichí simplí clóis a imirt
- an cat is an luch, coinnígí an ciseán lán, an sionnach agus na géanna, liathróid the
- cén t-am é a mhac tíre, isteach is amach na cliogíní gorma, teidí béar teidí béar cas timpeall, lacha, lacha gé agus rith sa tóir
Oiliúint Uisce – Sábháilteacht Uisce
na contúirtí a bhaineann le uisce a haithint
- doimhneacht, sruthanna, taoidí, an aimsir, truailliú, hipiteirme
an modh ceart chun deileáil leis na contúirtí a aithint
- scileanna sábháilteachta pearsanta a chleachtadh (m.sh. iontrálacha sábhailte, STÍL, cuachadh, snámh i do sheasamh)
- scairteadh ar chúnamh ar uair na práinne agus cúram a dhéanamh den tsábháilteacht phearsanta
- tarrtháil sínte agus caite a léiriú ar talamh nó i gcomharsanacht na linne