Bliain na Gaeilge 2018

** Clár Ildánach na Scoileanna
Le linn Bhliain na Gaeilge, beidh níos mó deiseanna ná riamh do scoileanna leis an nGaeilge a chur chun cinn agus a cheiliúradh, trí Chlár Ildánach na bliana do scoileanna. Idir fhéilire d’imeachtaí, comórtais agus tionscadail don scoil ar fad, beidh neart bealaí le páirt a ghlacadh.

Tá trí ghné éagsúl den chlár trínar féidir le daltaí agus foireann na scoile araon páirt a ghlacadh, agus iad ar fad bunaithe ar an téama ‘Tionchar na Gaeilge ar mo shaol féin nó/agus i mo bhaile féin’.

Féach thíos le tuilleadh eolais a fháil.

I ndiaidh na Nollag seolfar pacáiste go gach scoil ina mbeidh ábhair agus eolas ar an mbliain ann. Is féidir aon cheist a chur go bnag@cnag.ie

============================================================
Auld Lang Syne as Gaeilge
Chun tús ceolmhar a chur leis an mbliain, tá Auld Lang Syne aistrithe go Gaeilge againn. (Féach na liricí thíos). Chun cabhrú libh, is féidir éisteacht leis ** anseo (https://cnag.us8.list-manage.com/track/click?u=1462dd2c41de78c20e0c95f3c&id=ea9fb44298&e=1296a3ba0f)

Bainigí sult as – agus coimeád súil ar ár leathanaigh ar na meáin shóisialta Oíche Chinn Bliana le leagan speisialta de a fheiceáil! #Gaeilge2018

 

 


Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *