Canaimís Duit a Bhríd
Curfá
Canaimís duit a Bhríd Naofa
A bheireann an tEarrach leat
Crann is bláth ag fás arís
Canaimís duit a Bhríd.
1.
Leag sí a clóca ar an talamh
D’fhás is mhéadaigh sé
Ar nós an ghrá a bhí ag Bríd
Do Dhia is don saol.
Curfá
2.
Chaith sí leis na boicht go fial,
D’oscail sí a croí,
D’oscail sí a croí go lách –
Céad moladh dhuit a Bhríd!
Curfá
Gabhaim molta Bríde
Gabhaim molta Bríghde, iníon í le hÉireann
Iníon le gach tír í, molaimís go léir í.
Lóchrann geal na Laighneach, soils’ ar feadh na tíre
Ceann ar óigheacht Éireann, ceann na mban ar míne.
Tig an Geimhreadh dian dubh, gearra lena géire
Ach ar lá le Bríghde, gar dúinn Earrach Éireann.
Iníon le gach tír í, molaimís go léir í.
Gabhaim molta Bríghde, iníon í le hÉireann