Uillinn dheas, uillinn chlé. (Cuireann siad an lámh ar an uillinn)
Bualadh bos, bualadh bos.
Gualainn dheas, gualainn chlé. (Lámh chlé ar an ngualainn dheas, lámh dheas ar an ngualainn chlé)
Bualadh bos, bualadh bos.
Lámha ar na glúine.
Cromaigí, cromaigí.
Lámha in airde.
Éirigí! Éirigí! (Ag éirí go mall)
Síos ar na glúine.
Lámha sna cluasa. (Órdóga sna cluasa, na méara á lúbarnaíl)
Bualadh bos, bualadh bos.
Léimigí suas. . . Sea! (Léimeann siad san aer)
le Dominic Ó Braonáin