Go Raibh Milliún Maith Agaibh 27.06.2014

Posted on

A Pháistí agus a Thuismitheoirí,

Go raibh míle, míle maith agaibh don bhliain iontach a bhí againn le chéile. Ní bheadh bliain leath chomh deas a bheith agam i m’aonar i Rang Niamh!!! I ndáiríre bhí bliain den scoth agam agus táim fíor bhuíoch díbh go léir. Míle buíochas freisin do na cártaí, na bronntanais agus na focail chineálta a scríbh sibh sna cártaí agus sna litreacha. Ní dhéanfaidh mé dearmad orthu go deo.

Bíodh Samhradh iontach agaibh agus coimeád súil ar an mblag, beidh rudaí nua ann go rialta, seol grianghraif chugam, ó bhur laethanta saoire má tá fonn oraibh don bhlag! Rang Niamh ag dul timpeall an domhain agus ná déan dearmad ar an gcrannchur Corn an Domhan, rachaidh mé go dtí an Odeon amárach!

Slán go fóíll Rang a Ceathair Niamh.

r-phost: gscdrangniamh@gmail.com


2 thoughts on “Go Raibh Milliún Maith Agaibh 27.06.2014

  1. Comhghairdeas. Gan dabht, bhí sibhse ag obair go dian sa rang seo.
    Cuirfidh an blag seo feabhas ar mo chuid Gaeilge.
    Beidh mé ar ais 🙂

    • Go raibh míle maith agatsa agus agaibhse!! Táimid ag foghlaim uaibhse, obair iontach ar fad agaibh. Míle fáilte romhat ar ais agus cinnte cuirfimid lenár smaointí don Ghaeilge.
      Bain taitneamh as na laethanta saoire.
      Múinteoir Niamh

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *