Na Gaoithe
An ghaoth aduaidh bíonn sí crua
Is cuireann sí gruaim ar dhaoine,
An ghaoth aneas bíonn sí tais
Is cuireann sí rath ar shíolta,
An ghaoth anoir bíonn sí tirim
Is cuireann sí sioc istoíche,
An ghaoth aniar bíonn sí fial
Is cuireann sí iasc i líonta.