Seachtain 29.01.2018

Naíonáin Bheaga

I agus Cruthanna

Iggí Ispín
Iggí Iggí Ispín, ith, ith, ith,
Bíonn sé blasta am ar bith.
Istigh sa fhriochtán a bhíonn sé,
Is léimeann sé amach in am don tae!

idir imir inis ineall iris isteach imeacht imigh imirt iníon inné inniu is

Caitlín ciorcal

Daithí dronnuilleog

Caoimhín Cearnóg

Teidí Triantán

Lá Fhéile Bríde 1.2.2018 Beidh aifreann scoile ag na ranganna ó r2 ar aghaidh.

Canaimis duit a Bhríd Naofa

Canaimís Duit a Bhríd

Curfá

Canaimís duit a Bhríd Naofa

A bheireann an tEarrach leat

Crann is bláth ag fás arís

Canaimís duit a Bhríd.

1.

Leag sí a clóca ar an talamh

D’fhás is mhéadaigh sé

Ar nós an ghrá a bhí ag Bríd

Do Dhia is don saol.

Curfá

2.

Chaith sí leis na boicht go fial,

D’oscail sí a croí,

D’oscail sí a croí go lách –

Céad moladh dhuit a Bhríd!

Curfá


Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *