Mí na Samhna – Mí na Marbh

Paidir

 

“Suaimhneas síoraí tabhair díofa, a Thiarna,

agus go soilsí solas suthain orthu.

Go bhfaighe anamacha na bhfíréan uilig, s

uaimhneas síoraí trí thrócaire Dé. Áiméan.

Ceannaire: Guímis ar son na marbh. Is é an freagra ná: ‘Go lonróidh solas Chríost anuas orthu’.
Cách: Go lonróidh solas Chríost anuas orthu.
Léitheoir 2: Ar son na seantuismitheoirí ar fad a fuair bás. (Freagra)
Léitheoir 3: Ar son na dtuismitheoirí ar fad a fuair bás. (Freagra)

Léitheoir 4: Ar son na múinteoirí agus baill fhoirne eile na scoile seo a fuair bás. (Freagra)
Léitheoir 5: Ar son na sagart agus pobal an pharóiste a fuair bás. (Freagra)
Léitheoir 6: Ar son na ndaoine a fuair bás gan duine ar bith a chuimhneodh orthu. (Freagra)
Léitheoir 7: Ar son na ndaoine atá luaite ar an gCrann Cuimhneacháin. (Freagra)
Ceannaire: Tuigimid go maith go mbíodh Íosa de shíor ag guí chun an Athar ar Neamh. D’iarr sé orainne
guí chun Dia ár nAthair chomh maith. Mar sin, de réir mar a dúirt Íosa, tá sé de mhisneach againne a rá:
Cách: Ár nAthair…
Ceannaire: A Dhia grámhar, gabhaimid buíochas leat as na daoine muinteartha linn a fuair bás, agus as
an saothar a rinneadar inár measc. Go dtuga tú sólás do na daoine sin atá go mór ina ndiaidh. Go mbeidh
cuimhne againn i gcónaí ar an ngealltanas a thug tú dúinn go n-athaontófar ar neamh lena chéile sinn
amach anseo. Cuirimid ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Cách: Amen.
Léitheoir 8: Go dtuga Dia tacaíocht dúinn ar feadh an lae; chomh fada leis an gclapsholas agus le titim
na hoíche, go dtí go dtagann ciúnas ar domhan, go dtí go mbíonn brú an tsaoil thart agus ár gcuid féin
déanta againn. Deonaigh go mbronnfar tearmann trócaireach i bhfochair Chríost orainn, ionas go mbeidh
síocháin is suaimhneas ar dheaslámh Dé go síoraí ar neamh againn.
Ceannaire: In Ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh.
Cách: Amen.

 

https://www.catholicschools.ie/wp-content/uploads/2019/10/CSW2020-November-Moment-Primary-IRISH.pdf

 

http://www.cumannnasagart.ie/deasghnatha-na-marbh.html


Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *