Oíche Shamhna 2022 scéin ‘s scanradh.

ALTRAM scéalta

Gaeloideachas Oíche Shamhna

9

Buíochas le Julie Anne De Brún

Halloween Songs & Dance Videos for Toddlers

Oíche Shamhna – Tionól 18.10.2019

Oíche Shamhna 2019

 

Oíche Shamhna – Dán buíochas le Múinteoir Esther

Oíche Shamhna 2017 Naíonáin

Padlet COGG

Ár dTeanga, Ár bPobal

An Damhán Alla agus an Mhíoltóg
Dúbhglas de hÍde (1860 – 1949)
’Sé dúirt damhán alla le míoltóigín lá:
‘Ó! tar liom abhaile, a chréatúirín bhreá;
Tá grian gheal an tsamhraidh ag damhsa ar mo theach,
Tá ithe ’gus ól ann — nach dtiocfá isteach?’
Dúirt an créatúr míchéillí ag féachaint isteach:
‘Is tú croí na féile, is breá é do theach:
Ach deirtear go mbíonn tú ag ithe ’s ag ól
Míoltóigíní mar mise, idir fhuil agus fheoil’.
Dúirt an damhán alla — is é a bhí glic,
‘Is bréag mhór, dar m’anam, an scéal sin, a mhic:
Tá caoireoil, tá mairteoil, tá bainne anseo,
Is an té a bheadh marbh dhéanfaidís beo.’
Bhí an créatúirín meallta le comhrá mar sin,
Dúirt sé, ‘Tá mé sásta, mar tá tú chomh binn;
Ach ní fhanfaidh mé fada.’ Chuaigh sé isteach,
Ach níor chuala mé fós gur tháinig amach.


Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *