Oíche Shamhna – Tionól 18.10.2019

Paidir

Naomh Bríd

Chun Bríde Naofa

A Bhríd, a Mhuire na nGael,

A Bhríd, scaoil tharam do bhrat,

agus coinnigh faoi do chumhdach mé

go mbeidh mé leat i bhFlaitheas Dé.

Oíche Shamhna

Ceartlár na hóiche – ‘s tán gheallach gheal go hard ins a’ spéir
Ní bheidh ‘rís chóiche – do bhrionglóid chomh slán ‘s a bhí aréir
Féach ansin thall – sa gcúine thiar ‘sin ar chúl an halla
Ná breathnaigh anois – ró-mhall – ta sé ag teacht — fan amach

Seo chugainn an Thriller – Thriller é
Fuadeoidh sé thú – má théann tu ar strae
Seo chugainn an Thriller – Thriller é
Ag troid le haghaidh do shaoil istigh sa Thriller, is Thriller éééééééééé

Dún an doras, níl áit ar bith sábháilte fágtha chun dul.
Mothaíonn tú an lámh fhuar, ní fheicfidh tú an ghrian arís go deo.
Dúnann tú do shúile, ag súil go bhfuil an eachtra i d’intinn. (óh)
Ach tá fhios a’at go bhfuil an dhroch-ollphéist fós ag teacht.
Seo é an t-am….

Curfá

Tá siad ‘do chuartú, na Deamhain ag teacht isteach gach uille thaobh.
Sealbheoidh siad thú, bí curamach s’tabhair aire duit féin.
Seo é an t-am, is caithfidh muid a bheith anseo le chéile

Oíche Shamhna (amhrán bunaithe ar “Frére Jacques”)

 

Oíche Shamhna,

Oíche Shamhna,

Bairín Breac,

Bairín Breac.

Úlla ‘is cnónna,

Úlla ‘is cnónna,

Is maith liom iad,

Is maith liom iad.

 

Stór Focal

  1. An Chailleach

 

An chailleach bheag

 

Hata na caillí 

 

2.

An féasta

An féasta mór

3.

An t-úll

An t-úll dearg

Na húlla

Na húlla dearga

4. Hata caillí

5.

An Choinneal

An choinneal dhearg

6.

An clóca

Clóca dubh

7.

An púicín bán

Tá dath bán ar an bpúicín.

8.

 An Puimcín

An puimcín oráiste

Tá dath oráiste ar an bpuimcín!

9.

Na hIngne fada dearga

 

An ionga dhearg

 

 


Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *