Oíche Shamhna – Dán buíochas le Múinteoir Esther

OÍCHE SHAMHNA

Úlla móra, úlla deasa,
Úlla breátha buí,
An bord faoi ualach trom de chístí,
Nach breá an oíche í?

 

Níor tugadh aon cheacht baile dúinn,
Tá áthas ar ár gcroí,
Beidh cluichí agus spórt sa chistin,
Nach breá an oíche í?

 

Cnónna móra, cnónna beaga,
Cnónna ar fud an tí.
Dul ó theach go teach ag damhsa,
Nach breá an oíche í?

 

Oíche Shamhna, oíche álainn,
Oíche aoibhinn í.
Saoire againn ó chúram scoile,
Nach breá an oíche í?

 

Lionard Ó hAnnaidh

 


Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *