Véarsa Ríme 04.03.2019

Ruairí Rón
Treasa Ní Ailpín
Ruairí Rón
Bhris sé a shrón:
Deora móra –
“Och, ochón!”
Éist, a Ruairí,
Éist, a stór!
Chuir Mamó fios
Ar an Turtar Mór.
Beidh sé anseo
Faoi cheann uair nó dhó,
Is cuirfidh sé cóir ort.
A stóirín ó.


Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *