Óró sé do Bheatha ‘bhaile – Seachtain na Gaeilge 2019

Óró sé do Bheatha ‘bhaile

 

Curfá: Óró sé do bheatha ‘bhaile x3

Anois ar theacht an tsamhraidh.

 

Sé do bheatha a bhean ba léanmhar

Ba é ár gcreach tú a bheith i ngéibheann

Do dhúiche bhreá i seilbh méirleach

‘S tú díolta leis na gallaibh!

 

Curfá: Óró…

Tá Gráinne Mhaol ag teacht thar sáile;

Óglaigh armtha léi mar gharda

Gaeil iad féin is ní Gaill ná Spáinnigh;

Is cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh.

 

Curfá: Óró…

 

A bhuí le Rí na bhFeart go bhfeiceann;

Muna mbíonn beo ina dhiaidh ach seachtain,

Gráinne Mhaol is míle gaiscíoch;

Ag fógairt fáin ar Ghallaibh.

 

Curfá: Óró…


 


Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *