Thit mé.
Ghortaigh mé mo ghlúin/ mo cheann/ mo lámh/ mo mhéar.
Thit Seán agus tá a bhríste/ a gheansaí/ a chóta sractha/stróicthe/stracaithe.
Thit Máire agus tá a bríste/ a geansaí/ a cóta sractha/ stróicthe/ stracaithe.
Tá an ….. seo rómhór/ róbheag/ díreach oiriúnach dom.
Rann
Bríste Stracaithe
Thit mé ar scoil, a Mham,
Is ghortaigh mé mo ghlúin.
Bhíos ag cur fola. Ú! Ú! Ú!
Chuir an múinteoir greimlín orm,
Is thug dom líreacán,
Bhí sé sin an-deas,
Bhí sé dearg agus bán.
Táim ceart go leor arís, a Mham,
Ach aon rud amháin,
Ta mo bhríste STRACAITHE,
Tá poll mór groí ann!