Focal an Lae 19.04.2018

Posted on

an Spideog#

ubh spideoige

 

An Spideog
Chonaic mise spideog bheag,
Ar chúl an tí inné.
Bhí ocras ar an chréatúr,
Mar bhí sioc istigh sa chré.
Thug mise píosa aráin di,
Is d’ith sí é go gasta.
Cheol an spideog amhrán dom,
Is d’imigh sí go gasta.

 

  • Tá brollach dearg, sciatháin donna agus corp ramhar ag an spideog.
  • Taitníonn an spideog le gach duine.
  • Is éan ciúin é – níl eagla air roimh dhaoine. Tagann sé gar duit.
  • Léimeann sé timpeall sa gháirdín ag ithe péisteanna, seilidí agus feithidí.
  • Bíonn a áit féin ag gach spideog sa gháirdín agus ní maith leis a spás a roinnt le spideoga eile fiú amháin.
  • Canann sé go binn sa samhradh agus sa gheimhreadh – ag insint dos na spideoga eile fanacht in a spásanna féin.
  • Má fheiceann sé spideog eile ina spás, leathfaidh sé a chuid cleití amach chun cuma chomh mór agus is féidir leis a chur air féin canfaidh sé in ard a chinn is a ghutha ansin seasfaidh sé in aice na spideoige. Luascfaidh sé ó thaobh go taobh. Muna n-imíonn an spideog ansin troidfidh sé leis. Cuirfidh sé an ruaig air. Anois déan tusa spideog díot féin. Taispeáin gur leatsa an gairdín.
  • Má thagann spideog bhaineann cuirfidh sé an ruaig uirthi i dtosach ach ansin ligeann sé di fanacht fad is a choimeádann sí as a shlí.
  • Bíonn sésaúir an ghoir i mí Márta agus mí Aibreáin. Tógann an chearc agus an choileach nead le chéile i dtor nó ar an talamh nó i seid.
  • Déanann an chearc an chuid is mó den obair agus canann an coileach di fad is atá sí ag obair.
  • Úsáideann sí cipíní, duilleoga agus píosaí páipéir chun an nead a dhéanamh.
  • Beireann sí 3 go 7 gcinn d’ubhacha le dath saghas bán orthu agus tógann sé trí lá déag, 13, lá le gor.
  • Nuair atá gearrcach ullamh le teacht amach piocann sí a slí as an ubh leis na fiacla. Deineann sí poll beag agus nuair atá an poll mór go leor cuireann sé a cheann amach.
  • Cabhraíonn an mháthair léi teacht amach más gá.
  • Bíonn na gearrcaigh óga lom agus tógann sé cúpla seachtain sula mbíonn cleití fásta orthu.
  • Beathaíonn an mháthair agus an t-athair iad le seilidí, péisteanna agus feithidí beaga.
  • Múineann siad dóibh conas eitilt agus conas bia a fháil.
  • Bíonn na gearrcaigh óga breac agus ní bhíonn brollach dearg orthu go dtí an fómhar.
  • Tar éis trí sheachtain bíonn na gearrcaigh óga in ann éitilt agus in ann áit a fháil dóibh féin.
  • I mí Iúil cailleann an spideog a chuid cleití agus fásann cinn nua.
  • B’fhéidir go mbeadh trí ál ag an máthair in aon séasúir goir amháin.
  • Maraítear alán spideoga an chéad bhliain. Maraíonn cait, francaigh agus ulchabháin iad ach is fuacht an gheimhridh an rud is measa a fháil.
  • Má bhíonn sioc, leac oighir agus sneachta bíonn sé deacair feithidí, péisteanna agus caora a fháil.
  • Bíonn siad ag brath ar an mbia a thugaimid dóibh.
  • Is maith leo arán, saill agus aon bhia a thugaimid dóibh nuair a bhíonn ocras orthu. Bíonn uisce ag teastáil leis.
  • Smaoinigh ar na héin i gcónaí.

 


Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *