Na Príomhathruithe
- Sa pholasaí athbhreithnithe léirítear go soiléir a bhfuil i gceist le Droichead mar phróiseas ionduchtúcháin ghairmiúil nach ndéantar meastóireacht air. Ciallaíonn sé seo nach mbeidh baint ag príomhoidí, comhghleacaithe scoile ná comhghleacaithe lasmuigh den scoil leis an meastóireacht a dhéantar ar MNCanna chun críche clárúcháin. Ag deireadh an phróisis tugann an MNC agus an Fhoireann Tacaíochta Gairmiúla dearbhú go raibh said rannpháirteach i bpróiseas teagaisc agus foghlama ardchaighdeáin
- Tá solúbthacht shuntasach sa pholasaí athbhreithnithe maidir le ról na bpríomhoidí, an bealach inar féidir leis an samhail feidhmiú i scoileanna éagsúla, méid na foirne tacaíochta gairmiúla (FTG), an úsáid a bhaintear as ball seachtrach de chuid an FTG chun gníomhú mar mheantóir nuair is gá
- Aithnítear ann na cláir bhreisithe den Oideachas Tosaigh Múinteoirí
- Próiseas athbhreithnithe agus treisithe um dhearbhú cáilíochta
- Déantar foráil ann nach féidir JobBridge ná aon scéimeanna intéirneachta eiel den chineál céanna a úsáid chun fáil ar chlár Droichead
- Céim fáis bhrieithe ina mbeidh Droichead mar an bealach ionduchtúcháin do gach MNC faoin scoilbhliain 2020/2021.
Ag glacadh leis an bpolasaí athbhreithnithe, aithníonn an Chomhairle go mbeidh ionchur suntasach ó ghairm na múinteoireachta agus ón gClár Náisiúnta Ionduchtúcháin do Mhúinteoirí (CNIM) i gceist le Droichead a chur i bhfeidhm. Sa chomhthéacs sin, is cúis áthais dom a chur in iúl gur dheimhnigh an Roinn na hachainní chun tacú le fás Droichead, agus lena inmharthanacht agus rath a chinntiú. San áireamh anseo tá na nithe soe a leanas:
-
-
- Tréimhse ama scaoilte ceithre lá agus ionadú íoctha chun ligean do bhaill den Fhoireann Tacaíochta Gairmiúla chun freastal ar oiliúint CNIM
- Tréimhse ama scaoilte ceithre lá ar a laghad chun freastal ar oiliúint CNIM
- Tréimhse ama scaoilte bhreise do scoileanna a bhfuil iliomad MNCanna acu
- Deiseanna forbartha gairmiúla ina dhiaidh
- Acmhainní breise chun ligean don CNIM tacú le scoileanna ar mian leo bheith rannpháirteach sa phróiseas.
-
Táimid ag súil le leanúint ar aghaidh ag obair go dlúth le scoileanna agus leis na páirtithe leasmhara, d’fhonn a chinntiú go leanann Droichead ar aghaidh ag fás chomh héasca agus chomh héifeachtach agus is féidir.