TEILIFÍS LE GABRIEL ROSENSTOCK
Ar a cúig a chlog ar maidin
Theastaigh an teilifís uaithi.
An féidir argóint le beainín
Dhá bhliain go leith?
Síos linn le chéile,
Níos bhacas fiú le gléasadh
Is bhí an seomra préachta
Gan solas fós sa spéir.
Stánamar le hiontas ar scáileán bán.
Anois! Sásta?
Ach chonaic sise sneachta
Is sioraf tríd an sneachta
Is ulchabhán Artach
Ag faoileáil
Os a chionn
A thuilleadh eolais