Na Naíonáin Bheaga – Cruthanna 08.01.2018

Posted on

Athbhliain faoi mhaise agus fáilte ar ais ar scoil!

Tá na naíonáin bheaga ag obair le cruthanna faoi láthair.

Lámhleabhar do Chruth agus Spás – PDST

Leabhar Oibre ón Áisaonad

Cártaí Oibre ón bPDST

Stór Focal a bhaineann le cruthanna:

Cruthanna 2t: Ciorcal, cearnóg, dronuilleog, triantán, taobh/ slios – taobhanna/ sleasa, cúinne

Spás, suíomh agus treo: faoin gcathaoir. in aice le, sa, ar an , ag an, os cionn, taobh thiar den, cas ar dheis/ ar chlé, do lámh dheis, do lámh chlé, ar bharr, ar bhun, bun os cionn, droim ar ais…

AN FOCLÓIR A BHAINEANN LE COIBHNEASA SPÁSÚLA A INIÚCHADH, A PHLÉ, A FHORBAIRT AGUS A ÚSÁID (SUÍOMH AGUS TREO)

Tá sé tábhachtach go mbaineann na páistí úsáid as an teanga a bhaineann le cruth agus spás i rith an lae – msh suíomh – tá na criáin idir na bloic agus an márla. Tá do mhála faoin gcathaoir. in aice le, sa, ar an , ag an, os cionn, taobh thiar den, cas ar dheis/ ar chlé, do lámh dheis, do lámh chlé, ar bharr, ar bhun, bun os cionn, droim ar ais…

Am Spraoi

Sa Cheacht Ghaeilge – ar clé ón doras – faoi bhfuinneog – iarr ar na páistí a bheith níos beaichte leis an teanga.

Deir Ó Grádaigh

Deir Ó Grádaigh: seasamh ar do chathaoir, dul ar do ghogaide faoin
deasc, seasamh taobh thiar de do chathaoir, casadh ar dheis/ar chle,
céim chun tosaigh a thógáil, do lámh dheis/chlé a chur in airde

Feicim Le mo shúilín

Mata Spraoi

Cá háit ba chóir dúinn na siopaí a chur sa
bhaile seo againne? Go diail, is maith an
smaoineamh é, iad a chur in aice leis an
scoil. Tiomáininis thar an scoil agus ansin
casaimid ar dheis isteach sa charrchlós.
Inis dom faoin treo a chuaigh tú.

Uimhir líne Dhaonna

Te agus Fuar – Cá bhfuil sé/sí

Scéalta a úsáid – Cochaillín Dearg – Rosies Walk -We are going on a bear hunt

Leabhar Ranga -Cá bhfuil Teidí?

Is féidir le
daltaí grianghraif de bhábóg i suíomhanna difriúla a
ghlacadh, mar shampla, faoin luascán, taobh thiar de
charr an Phríomhoide, idir na cuaillí peile, os comhair
dhoras na scoile, srl. Ba chóir do na daltaí plé a
dhéanamh ar dtús faoi na háiteanna a gcuirfidís an bhábóg. Is féidir foscríbhinn a chur le gach
grianghraf, mar shampla, Is idir na cuaillí peile atá an bhábóg anois! Le Photostory 3 is féidir le
daltaí taifeadadh fuaime a dhéanamh díobh féin agus iad ag déanamh cur síos ar shuíomh an bhéir. Is
féidir na taispeántais sin a roinnt le tuismitheoirí, le teaghlaigh agus le ranganna eile.

Gníomhaíochtaí na maidine – Seicheamh agus patrúin – Tanagrams

CRUTHANNA DÉTHOISEACHA (2-T) BUNFHÍRICÍ
1. Is éard is cruthanna 2-T ann, go bunúsach, dromchla chruthanna 3-T.

2. Is féidir cruthanna a mhíniú agus a chur ina gcatagóirí de réir a gcuid airíonna geoiméadracha.
Cruthanna:
– bíonn taobhanna (sleasa) acu a bhíonn comhthreomhar, ingearach, nó ceachtar acu;
– baineann siméadracht líneachsiméadracht rothlach, nó ceachtar acu leo; agus
– bíonn siad comhchosúil, comhionann nó ní bhíonn ceachtar acu i gceist.

3. Baintear úsáid as an bhfocal ‘comhchosúil’ chun cur síos a dhéanamh ar chruthanna 2-T a bhfuil
uillinneacha comhchosúla acu, fiú má tá méid na gcruthanna difriúil. Dá bhrí sin, níl an
chomhréireacht tábhachtach le go mbeadh cruthanna ‘comhchosúil’ ach tá na huillinneacha
tábhachtach. Féadfaidh gur leagan scálaithe de cheann amháin acu an ceann eile; ní mór do gach
uillinn a mheaitseálann a bheith ar an méid chéanna agus ní mór do gach ciumhais a
mheaitseálann a bheith ar an chomhréireacht chéanna.

4. Bíonn cruthanna comhionann, áfach, má tá an cruth agus an méid chéanna acu – fiú amháin má
chaitear cruth amháin a rothlú nó a fhrithchaitheamh chuige sin.

5. Ciallaíonn teasaláid ‘tíliú‘ – teislíonn cruthanna más féidir iad a úsáid chun dromchla a chlúdach
gan bearnaí a fhágáil eatarthu nó iad a bheith ina luí thar chiumhais a chéile. Teisilíonn triantáin
chomhshleasacha, cearnóga agus heicseagáin rialta. Is féidir triantán nó ceathairshleasán ar bith a
úsáid chun teasaláid a chruthú. Cruthanna a theisilíonn, is féidir cruthanna neamhrialta a
theislíonn a dhéanamh díobh freisin.


Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *