Beannachtaí na Nollag – Bualadh Bos

Nollaig Shona!

Nollaig mhór mhaith duit!

Nollaig faoi shéan agus faoi mhaise duit!

Nollaig Shona agus Athbhliain faoi Shéan agus faoi Shíocháin daoibh.

Bualadh bos, bualadh bos, bualadh bos go léir.

Tá Daidí na Nollag ag teacht anois, anuas an simléar.

Tá an Nollaig buailte linn,

Tá áthas ins an aer,

Tá sneachta ar an talamh,

Tá réaltaí ins an spéir.  

Tá muid ag dul a chodladh ‘s tá ár stocaí réidh,

Tá Daidí na Nollag ag teacht anois,

Anuas an simléar.

Bualadh bos, bualadh bos, bualadh bos go léir.

Tá Daidí na Nollag ag teacht anois, anuas an simléar.

Bualadh bos, bualadh bos, bualadh bos go léir.

Tá Daidí na Nollag ag teacht anois, anuas an simléar.

A Dhaidí, brostaigh ort,

‘s cuir do mhála síos.

Líon suas na stocaí beaga le féiríní arís.

Is mithid duit imeacht suas an simléar.

Tá páistí beaga ag fanacht leat i ngach aon áit faoin spéir.

Bualadh bos, bualadh bos, bualadh bos go léir.

Tá Daidí na Nollag ag teacht anois, anuas an simléar.

Bualadh bos, bualadh bos, bualadh bos go léir.

Tá Daidí na Nollag ag teacht anois, anuas an simléar.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *