Cá bhfuil mo ghuth? Ar chuala tú é?

A Chairde, is oth liom a rá gur chaill mé mo ghuth Dé hAoine bheag seo caite! Má chloiseann tú é an bhféadfá a rá leis go bhfuil sé ag teastáil uaim!

Bhí lá álainn againn le tráth na gCeist Rang Chloé, Rang Esther, Rang Chaitríona agus Nóra. Chomhghairdeachas le Foireann 14! Bhuaigh siad!

Tháining KFM agus rinne siad taifead den chór agus Rang a Sé Chaitríona ag canadh! Maith sibh, bhí sibh thar barr!

Bhí mise agus na Naíonáin ag tógail le lego agus ag obair ar na fónaicí. Is breá linn a bheith ag léamh!

Buaiteoirí den Chomórtas Ealaíne agus na Ticéid Fhiúntais amárach!

Slán go fóill


Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *